Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 4 - Sainchúram an Ombudsman

Sainchúram an Ombudsman

Táim ríméadach tuairisciú ar roinnt forbairtí maidir le síneadh mo dhlínse i réimse na sláinte. Déanann an tAcht Sláinte 2004 foráil d�fhorbairt nós imeachta gearán reachtúil sa réimse sláinte poiblí. Tuigim go bhfuil An Roinn Sláinte agus Leanaí ar tí dul i mbun próisis comhairleach leathan laistigh den earnáil sláinte agus go bhfuiltear ag beartú rialacháin a thabharfaidh éifeacht don fhoráil seo a dhéanamh níos déanaí i mbliana. Ní hamháin go gclúdaíonn sé na seirbhísí a sholáthraíonn Feidhmeannas na Seirbhísí Sláinte nua (atá anois laistigh de mo dhlínse), ach tá seirbhísí sóisialta sláinte nó pearsanta mar chuid de chomh maith a sholáthraíonn soláthróir seirbhísí a bhfuil comhaontú déanta acu leis an bhfeidhmeannas, nó a bhfuil cúnamh faighte acu ón bhFeidhmeannas chun na críocha sin. Meastar gníomhartha mar sin, faoin reachtaíocht, a bheith glactha ag an bhFeidhmeannas. Ciallaíonn sé sin den chéad uair, go sínfidh mo dhlínse chuig gníomhartha na mór-ospidéal ar fad i limistéar Bhaile Átha Cliath, agus na gníomhaireachtaí sin a sholáthraíonn seirbhísí don Fheidhmeannas maidir le daoine a bhfuil míchumas intleachtúil ag dul dóibh.

Foilsíodh an Bille Míchumais i 2004. Éilíonn an Bille seo, inter alia, ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go mbíonn rochtain ag daoine le míchumas ar fhoirgnimh agus ar sheirbhísí poiblí. Nuair a bhíothar á scríobh samhlaíodh leis an mBille go mbeadh dlínse ag an Ombudsman gearáin a imscrúdú maidir le mar a theiptear rochtain den sórt sin a chur ar fáil de réir na reachtaíochta. Ina theannta sin, beidh oibleagáid ar roinnt ranna rialtais pleananna earnála a ullmhú, a mbeidh orthu eolas a thabhairt faoi na beartais atá leagtha amach chun beocht iomlán a thabhairt do sheachadadh seirbhísí do dhaoine le míchumas mar a shamhlaítear sa Bhille, laistigh d�fhrámaí ama atá leagtha síos. Samhlaítear go mbeidh dlínse ag an Ombudsman gearáin faoi theipeanna sa réimse seo freisin a imscrúdú.

Back to contents