Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 4 - Comhdháil Comóradh Fichiú Bliain

Comhdháil Comóradh Fichiú Bliain

Is é cothrom an ama seo 20 bliain ó shin a bunaíodh Oifig an Ombudsman. Mar chuid den cheiliúradh chun an ócáid a chomóradh bhí mé i mbun comhdhála aon lae in Óstán an Shelbourne, Baile Átha Cliath ar an 15 Deireadh Fómhair 2004. Bhí an t-iriseoir mór le rá Olivia O�Leary ina cathaoirleach ar an gcomhdháil. Ba é téama na comhdhála �Cuntasacht, Dea Rialú agus an Ombudsman�.

I measc an lucht féachana ina raibh os cionn 100 duine bhí ionadaithe as bainistíocht shinsearach líon mór comhlachtaí poiblí chomh maith le haoíonna speisialta ó oifigí eile Ombudsman agus rialacháin sa bhaile agus thar lear. Bhí baill dhlíthiúla agus daoine as an saol acadúil i láthair chomh maith le m�fhoireann.

Chuir an tUasal Dick Roche, an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil tús leis an gcéad sheisiún den chomhdháil le caint ar �Cuntasacht i Seirbhís Phoiblí na hÉireann�. Labhair an tAire Roche ar an tiomantas speisialta a bhí aige d�obair na hOifige agus chun tacú leis an obair. Tharraing sé aird ar na buntáistí a bhaineann le oifig Ombudsman atá láidir, neamhspleách, le hacmhainní maithe, ní hamháin don duine aonair a bhfuil fulaingt déanta aige faoi lámha chomhlachta poiblí, ach freisin ar conas a bhaineann comhlacht poiblí tairbhe as mar thoradh ar theipeanna córasacha a aithníodh tríd idirghabháil an Ombudsman.

Chuaigh Ms Ann Abraham, Ombudsman Pairlaiminte na Ríochta Aontaithe agus Ombudsman na Seirbhíse Sláinte don Bhreatain ar an ardán i ndiaidh an Aire Roche, agus labhair sí faoin abhar �Dea-Rialú ó Pheirspictíocht Ombudsman na Ríochta Aontaithe�. I measc na dtéarmaí a ndearna sí iniúchadh orthu bhí an caidreamh a bhí ag a hOifig leis an bPairlaimint agus le baill aonair na Pairlaiminte.

Chuir an Dr. Tom Frawley, Coimisinéir Gearán agus Ombudsman Comhthionóil do Thuaisceart Éireann páipéar i láthair ar �An Ombudsman agus Comhthionól Thuaisceart Éireann�. Thug sé cuntas ar na deacrachtaí a bhí ag a Oifig mar gheall ar an neamhchinnteacht polaitiúil a tharla nuair a thit an Comhthionól as a chéile. Tharraing sé aird chomh maith ar na dúshláin a bhí i ndán do gach oifig Ombudsman agus iad ag féachaint chun freastal ar na daoine is imeallaí sa tsochaí agus cabhrú leo, daoine mar iad sin gan dídean agus daoine a bhfuil tinneas intinne ag dul dóibh.

Labhair an tUasal Eddie Sullivan, Ard-rúnaí, Bainistíocht Seirbhísí Poiblí agus Forbartha sa Roinn Airgeadais ar �Ardchaighdeáin Riaracháin Phoiblí a Chur Chun Cinn�. Léirigh sé tuairim cé go bhfuiltear ag cur feabhais leanúnach ar chaighdeáin seirbhísí, mheas sé go mbeadh éileamh ar sheirbhísí Oifig an Ombudsman i gcónaí de bhrí go mbíonn feabhsúcháin i seachadadh seirbhísí ar chomhchéim de ghnáth le hionchais níos mó ón bpobal a úsáideann na seirbhísí sin.

Cuireadh tús le seisiún an tráthnóna le léiriúchán spreagúil de chuid Dhonncha O�Connell, Abhcóide agus Léachtóir Dlí i Roinn an Dlí, OÉG, Gaillimh. Labhair sé faoin téama �Dídeanaithe agus Inimircigh: Riarachán Cothrom agus Maith?�. D�aithin sé gur ceist mhór atá ag déanamh tinnis go poiblí í an cheist a bhaineann le hinimirce i gcás cuid mhaith stát san Eoraip agus chuir sé síos ar an bhfreagra a thugann tíortha difriúla ar an ndúshlán mar rud atá scaipthe thar �speictream ó neamhurchóideacht go dtí brúidiúlacht�. Dúirt sé nach ionann Oifig an Ombudsman in Éirinn le cuid mhaith oifigí Ombudsman thar lear sa mhéid nach bhfuil dlínse ag an Oifig anseo sa réimse a bhaineann le lucht tórtha tearmann agus inimirce.

Cuireadh deireadh leis an gcomhdháil le plé painéil a bhí beo bríomhar agus eolasach le go leor cainte ón lucht féachana. In éineacht liom ar an bpainéal bhí Ann Abraham, an Dr Tom Frawley agus Kevin Murphy, Iar-Ombudsman agus Coimisinéir Eolais. I measc na saincheisteanna a raibh díospóireacht fúthu bhí cuid mhaith a tairgeadh dóibh sna léiriúcháin le linn an lae lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • An riachtanas atá ann bunús bunreachtúil a thabhairt d�Oifig an Ombudsman mar atá i gcás an Ard-Reachtaire agus Ard-Iniúchóra. Mhol an Grúpa Athbhreithnithe Bunreachta é sin i 1996.
  • An imní faoi iomadú oifigí Ombudsman a bheith ann agus úsáid forleathan na téarma i gcásanna nach mbíonn an téarma oiriúnach agus go ndéantar beag is fiú dá stádas mar gheall air agus go mbíonn an pobal measctha faoi. Tugadh faoi deara go bhfuil sé mídhleathach an téarma a úsáid gan chead ón bPairlaimint sa Nua Shéalainn.
  • An riachtanas atá ann reachtaíocht a bhfuiltear ag súil léi le fada a chur ar aghaidh chuig sainchúram an Ombudsman chomh luath agus is féidir. Tugadh tiomantas sa Dáil chomh fada siar le 1997 go gcuirfí an reachtaíocht ar aghaidh go luath.

Bhí mé an-bhuíoch do na cainteoirí go léir as ucht an ama agus méid oibre a chuir siad isteach sa méid a bhí le rá acu agus bhí ócáid eolasach, mhachnamhach agus spreagúil mar thoradh air. Tá imeachtaí na comhdhála foilsithe i leabhrán ceiliúrtha speisialta. Is féidir é a fheiceáil ar láithreán gréasáin m�Oifige.

Back to contents