Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 4 - Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Bunaithe ar ghearáin a fuarthas, bhí imní ar m�Oifig le cuid mhaith blianta faoi sheirbhísí as Gaeilge a bheith ar fáil ó chomhlachtaí poiblí agus faoin riachtanas atá ann freastal go cuí ar chearta teanga na ndaoine a roghnaíonn Gaeilge a úsáid ina gcuid déileálacha leis an tseirbhís phoiblí. Ag éirí as an mbaint a bhí againn leis na gearáin sin, mhol an Oifig roinnt uaireanta (féach, mar shampla, ár dTuarascálacha Bliantúla do 1996 agus 1998) go raibh gá le hAcht Teanga a thabharfadh aitheantas i ndlí reachtúil do na cearta teanga sin a cruthaíodh faoi Bhunreacht na hÉireann. Dá réir sin, fáiltím go mór roimh inachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a bhfuil éifeacht á chur lena chuid forálacha ar bhonn céimithe ó mhí Iúil 2003. Is é aidhm an Achta sin a chinntiú go mbeidh fáil níos fearr agus caighdeán níos fearr seirbhísí poiblí ann as Gaeilge.

Ceann de na gnéithe a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla ná an ceanglas atá ar chomhlacht poiblí scéim a dhréachtú agus a fhoilsiú ina leagtar amach sonraí ar an seachadadh a dhéanann sé ar sheirbhísí as Gaeilge chomh maith le clár-ama chun cur leis na seirbhísí sin. Caithfidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, scéimeanna den sórt sin, a ndéantar foráil dóibh ag alt 11 den Acht a cheadú. Bhí Oifig an Ombudsman ar an gcéad ghrúpa de chomhlachtaí poiblí a roghnaigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun scéimeanna a dhréachtú sa chéad bhabhta den phróiseas sin. I Meán Fómhair 2004, d�iarr an tAire ar m�Oifig dréachtscéim a chur isteach chuige lena cheadú. Chomhlíon mé iarratas an Aire. Ghlac an tAire leis an dréachtscéim agus foilseófar go luath í, ar láithreán gréasáin na hOifige san áireamh.

Back to contents