- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Eolas Teagmhála
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004
Caibidil 4 - Luachanna Saothair agus Spreagadh
Luachanna Saothair agus SpreagadhAg éirí as tuairisc a d�ullmhaigh grúpa bainistíochta láir Oifige ar luachanna saothair agus spreagadh, tugadh aitheantas do roinnt réimsí tosaíochta chun gníomhartha a ghlacadh ina dhiaidh sin. Chuathas i gcomhairle leis an bhfoireann ar fud na hOifige go léir mar chuid den phróiseas ullmhúcháin tuairisce ag féachaint leis na gnéithe dá bpost agus gníomhaíochtaí na hOifige a mheas siadsan a bheith mar luach saothair agus na cinn a mheas siad a bheith spreagúil a leagan síos. Is é aidhm na heagraíochta a chinntiú go mbíonn an fhoireann chomh spreagtha agus is féidir agus, mar sin, a chinntiú go gcuirfear seirbhís thorthúil, éifeachtúil agus ghairmiúil ar fáil dár gcliaint go léir. Ceann de na bealaí chun spreagadh a éascú ná luach saothair a thabhairt agus aitheantas a thabhairt d�ardleibhéil feidhmíochta aonair. Laistigh de na srianta atá ar pholasaí go n-íocann an pobal as tríd is tríd, tá an Oifig ag féachaint ar conas a d�fhéadfaí cleachtais a bhí ann cheana féin a fheabhsú. Áirítear iad seo a leanas ar na réimsí a dteastaíonn tosaíocht uathu: gradaim maitheasa, tinreamh ar chuairteanna réigiúnacha, bainistíocht feidhmíochta agus treoirlínte le haghaidh ardú céime inmheánach. Rinneadh dul chun cinn maith ar na ceisteanna sin i 2004. Tharraing an suirbhé aird freisin go raibh an fhoireann spreagtha go mór ag obair na hOifige. Tugann an toradh spreagúil sin deiseanna chun ardchumas pearsanta aonair a fhorbairt agus bealaí nua chun déileáil le gearánaithe a thugann a ndúshlán.
