Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 4 - Caidreamh le Comhlachtaí Poiblí faoi Shainchúram

Caidreamh le Comhlachtaí Poiblí faoi Shainchúram

Le linn na bliana, lean mé ag obair le gníomhaireachtaí sa tseirbhís sláinte ag cuidiú leo ó thaobh déanamh cinntí cáilíochta níos fearr a fhorbairt ó thaobh a gcuid seirbhísí a sheachadadh ar an bpobal. D�eagraigh an fhoireann seimineáir le príomhfhoirne sna réimsí a bhí faoi bhainistiú ag Boird Sláinte an Oirdheiscirt agus Oirthuaiscirt a bhí ann roimhe seo. Dhírigh na seimineáir sin ar na saincheisteanna atá tábhachtach domsa agus mé ag déanamh imscrúdaithe ar ghearáin, e.g. na prionsabail atá le dea-riarachán, caighdeáin deachleachtais do sheirbhísigh phoiblí agus bainistiú gearán. Ina theannta sin, bhí m�fhoireann i mbun oibre sa réimse céanna le grúpaí áirithe laistigh den tseirbhís sláinte e.g. Dochtúirí Oifigiúla Sinsearacha Ceantair agus Bainisteoirí Riosca Cliniciúil. Bíonn an bhéim i gcás gach ceann de na hidirghabhálacha sin dearfach i gcónaí agus ní diúltach i.e. conas caighdeán na seirbhísí sláinte a sheachadtar a fheabhsú.

Le linn na bliana bhuail mé le Bainisteoirí Contae an Réigiúin Lár Tíre agus ina dhiaidh sin, bhí Comhairle Chontae na hIarmhí i mbun seimineáir leathlá ar éirigh thar cionn leis lena raibh baint ag foireann m�Oifige agus foireann údaráis áitiúla Réigiún Lár Tíre. Is é polasaí na hOifige le blianta beaga anuas a bheith i mbun oibre go gníomhach le húdaráis áitiúla trí sheimineáir réigiúnacha a eagrú chun caidrimh a fheabhsú tríd is tríd, agus chun a dtuiscint ar conas caighdeán seirbhíse níos fearr a sholáthar do m�Oifig agus don phobal tríd is tríd a mhéadú.

Bhuail duine de m�fhoireann sinsearach le Fochoiste Acmhainní Daonna/Gnóthaí Corparáide Chumann Bainisteoirí na Contae agus na Cathrach chun bealaí chun caighdeáin riaracháin ar fud gach údarás áitiúil a fheabhsú trí shamplaí deachleachtais a chur in iúl a thagann ó thaithí an Ombudsman. Táim toilteanch a bheith rannpháirteach i ngrúpa idirchaidrimh ina mbeidh foireann ó m�Oifig agus ionadaithe ó údaráis áitiúla agus táim ag tnúth le breis dul chun cinn a dhéanamh sa réimse seo le comhoibriú le húdaráis áitiúla.

Tá m�Oifig ag féachaint ar bhealaí nua chun an leibhéal aiseolais a thugann sí do chomhlachtaí poiblí a mhéadú. Tuigim go mbíonn go leor comhlachtaí poiblí an-dáiríre faoina gcuid freagrachtaí cuntasaíochta agus foilsíonn roinnt acu (seachas líon beag) ina dtuarascáil bhliantúil, sonraí de ghearáin a rinneadh leis an Ombudsman agus toradh na ngearán sin. Déanann gach comhlacht poiblí monatóireacht chúramach ar thagairtí a dhéantar dóibh i mo chuid tuarascálacha bliantúla, maidir le cásanna, staitisticí agus eile.

De gnáth comhoibríonn comhlachtaí poiblí le m�Oifig agus léiríonn siad ráta comhlíonta an-ard i gcás ár gcuid moltaí agus tuairimí. Ach tá sé tábhachtach go ndéanfadh comhlachtaí poiblí luacháil i ndáiríre, thar am, ar na torthaí a bhíonn ar ghearáin aonair in aghaidh a gcuid eagraíochta. Ba chóir dóibh bheith forghníomhach ó thaobh treochtaí bunúsacha a aimsiú i ngach gearán a dhéantar fúthu agus na treochtaí sin a úsáid chun feabhsúcháin a chur i bhfeidhm ina gcuid seirbhísí.

Tá sé ráite ag m�Oifig go minic go gcuirtear fáilte mhór roimh an mbéim atá le blianta anuas ar phleananna gnímh seirbhísí custaiméirí d�ardchaighdeán agus cairteanna agus go gcuidíonn siad chun aird a dhíriú ar an tábhacht atá le seirbhís d�ardchaighdeán a sheachadadh. Ach díríonn siad go príomha ar chaighdeáin seirbhísí custaiméirí a bhaint amach agus ní an oiread ar cheann de na príomhluachanna seirbhísí poiblí viz., cothromaíocht agus comhionannas sa bhealach a sheachadtar seirbhísí. Is é an réimse deiridh sin is mó a bhíonn ag déanamh tinnis do m�Oifig agus é mar théama coitianta i bhformhór na ngearán a fhaighimid.

Ag éirí as torthaí gearán soláthraíonn m�Oifig treoir do chomhlachtaí poiblí ar chaighdeáin deachleachtais, ar chórais inmheánach gearán, ar sholáthar sásaimh agus reachtáiltear sheimineáir ar dealáimhseáil gearán. Feicim anois an deis chun an fheidhm sin a fhorbairt fiú amháin tríd aird a tharraingt ar shaincheisteanna a bheidh ar aird chomhlachtaí poiblí aonair, bunaithe ar an taithí atá againn thar na mblianta ar ghearáin ó na comhlachtaí sin a imscrúdú. Is é an cur chuige a bheidh agamsa ná díriú ar chomh mór agus a bheidh an comhlacht poiblí ag seachadadh seirbhísí cothrom, éifeachtúil agus éifeachtach ar a gcliaint.

Is é an buntáiste a bhainfeadh le cur chuige den sórt sin ná go gcuideodh sé le comhlachtaí poiblí ráitis straitéise, pleananna gnó agus cairteanna custaiméirí a ullmhú. Chuideodh sé freisin na coincheapa a bhaineann le cothromaíocht agus cuntasacht riaracháin a neartú agus béim a chur ar chomh tábhachtach is atá siad i gcomhtheacs cuntasacht airgeadais.

Is é an cuspóir a bheidh agamsa ná díriú ní hamháin ar mar a theipeann ar chomhlacht poiblí ach ar dea-iompar dearfach comh maith. D�fhéadfadh an comhlacht é féin cur síos a dhéanamh ar shamplaí de láimhseáil mhaith ar ghearáin nó drochláimhseáil chomh maith le saincheisteanna mar ghearáin rialta den chineál céanna a dhéantar arís is arís eile agus mar a theipeann ar an gcomhlacht poiblí cúiseanna nó míniúcháin shoiléire a thabhairt faoina gcuid cinntí dá gcliaint. Bheadh sé oiriúnach freisin pátrúin a thabhairt de ghearáin a dhéantar arís is arís eile a thagann chun cinn mar gheall ar easnaimh reachtúla, easpa reachtaíochta, easnaimh struchtúrtha nó córasach nó mar a theipeann ar chomhlachtaí poiblí acmhainní oiriúnacha a sholáthar.

Áireofar saincheisteanna a chuirfear ar aird comhlachta poiblí i dtuarascáil scríofa a bhfeifeá ag súil go gcuirfeadh an Oifig in iúl do bhainisteoirí sinsearacha agus foireann chuí eile ag seimineár a thabharfaidh an comhlacht poiblí.

Níl sé ar intinn agam níos mó ná ceann nó péire de na tuarascálacha sin a chur le chéile gach bliain. Clúdóidh an chéad thuarascáil Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (FSS). Tá an chuma air go bhfuil sé oiriúnach go mbeadh an FSS i gceist i mo chéad thuarascáil ag glacadh leis gur comhlacht nua é le struchtúir nua ach, mar sin féin, tá seancheisteanna fós le réiteach aige, go leor acu atá curtha ar aird m�Oifig thar na mblianta.

Tá sé ar intinn agam mo thuarascáil don FSS a chur i láthair le linn 2005 agus clúdófar na réimsí seo a leanas:

  • na príomhcheisteanna atá ag déanamh tinnis sna seirbhísí sláinte ó pheirspictíocht an Ombudsman de;
  • na ceachtanna atá le foghlaim ó chásanna a láimhseáladh roimhe seo, agus
  • treoir ar phrionsabail deachleachtais i ngnéithe a bhaineann le riarachán na seirbhíse sláinte.

Back to contents