- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004
Caibidil 3 - An Roinn Oideachais agus Eolaíochta - Cúiteamh as Cailliúint Cumhacht Ceannaigh
An Roinn Oideachais agus EolaíochtaCúiteamh as Cailliúint Cumhacht Ceannaigh
Fuair mé gearán ó mhúinteoir meánscoile a bhí ar scor maidir le
cailliúint cumhacht ceannaigh. Bhí céim onórach ag an ngearánaí agus
bhí sé aitheanta mar mhúinteoir meánscoile ó 1957 go dtí 1998. Mar sin
féin, ní bhfuair sé liúntas céime onóraigh le linn an achair sin. Rinne
an gearánaí iarratas ar na riaráistí cuí agus fuair sé íocaíocht de
réir a chéile maidir leis an liúntas céime onóraigh i 2002, a bhí
siardhátaithe go dtí 1957. Bhreithnigh sé áfach gur chóir go mbeadh sé
i dteideal cúiteamh a fháil as cumhacht ceannaigh a chailleadh. Bhí
scríofa ag an ngearánaí chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta
maidir leis sin ach ní bhfuair sé aon fhreagra.
I ndiaidh dom imscrúdú a dhéanamh ar chúlra an ghearáin seo,
d�iarr mé ar an Roinn an cás seo a athbhreithniú féachaint le sásamh
éigin cuí a bhronnadh ar an ngearánaí. Sa chás sin, rinne mé tagairt de
na treoirlínte ar shásamh, arna n-eisiúint i gcomhair le Tuarascáil
Bhliantúil an Ombudsman i 2001 a deir:
�I gcás moill a bheith ann maidir le haisíocaíochtaí nó
íocaíochtaí sochar, nó i gcás ina gcoinnítear siar iad, thar thréimhse
fhada de thoradh earráide, mí-léiriú, dearmad nó gníomh eile den
tsamhail chéanna ar thaobh comhlachta phoiblí, ní mór, ar mhaithe le
prionsabal an tsásaimh agus ar mhaithe le dea-chleachtas riaracháin, go
bhfuil scéim ghinearálta cúitimh ann chun déileáil le cailliúint
chumhacht cheannaigh na n-íocaíochtaí a dhéantar.�
Chuir an Roinn in iúl dom, agus i ndiaidh dóibh comhairle dhlíthiúil a fháil, gur aontaigh sí gur chóir cúiteamh a thabhairt as cailliúint cumhacht ceannaigh. Thug sí le fios go nglacfadh íocaíocht an chúitimh sin boilsciú san áireamh agus go mbeadh sé ceangailte leis an treoiruimhir praghsanna do thomhaltóirí. Cuireadh é sin in iúl don ghearánaí agus dúnadh an cás. Thart ar 6 mhí níos déanaí, bhí orm an cás a athoscailt mar, in aineoinn roinnt fiosrúchán, ní raibh an íocaíocht faighte fós ag an ngearánaí ón Roinn. Measaim go bhfuil míriaradh tromchúiseach in aon chomhlacht poiblí nach gcomhlíonann gealltanas. Mar sin rinne mé teagmháil leis an Roinn maidir leis an moill ó thaobh a ngealltanas chun cúiteamh a íoc as cailliúint cumhacht ceannaigh a chomhlíonadh. I ndiaidh na hidirghabhála breise sin, d�íoc an Roinn an cúiteamh dár suim �46,513. Eisíodh an suim sin ar an ngearánaí i mí Iúil 2004.
