Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 3 - Bord Sláinte Lár na Tíre - Iarratas ar Liúntas Cúraim Baile Diúltaithe

Bord Sláinte Lár na Tíre
Iarratas ar Liúntas Cúraim Baile Diúltaithe

Fuair mé gearán ó mháthair triúr leanaí a raibh deacrachtaí foghlama agus neamhoird labhartha ag dul dóibh go léir, agus a dhiúltaigh Bord Sláinte Lár na Tíre an Liúntas Cúraim Baile (LCB) dóibh ar fhorais leighis. Bhí Neamhord Easnaimh Airde Hipirghníomhaíochta (ADHD) freisin ag dul de dhuine de na leanaí chomh maith le Diospraicse Oll-Luaileach. Rinne an bhean gearán liom faoin easpa seirbhísí tacaíochta a bhí geallta ag an mBord, ach nár sholáthair sé, chun cur ar a cumas aire a thabhairt do na leanaí.

D�iarr mé athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh íocaíocht an DCA a dhiúltú don leanbh a raibh réimse donachtaí ag dul dó lena n-áirítear ADHD. Is é is DCA ná liúntas iníoctha maidir le leanaí atá chomh mór sin faoi mhíchumas fisiciúil nó intinne go dteastaíonn cúram agus aire uathu atá i bhfad níos mó ná sin a bhíonn ag teastáil de ghnáth ó leanbh ar chomhaois. Agus é ag diúltú an liúntas a íoc le beirt de leanaí an ghearánaí, mhínigh an Bord go raibh diúltaithe aige de bharr nach raibh siad chomh mór sin faoi mhíchumas fisiciúil agus a gceadódh don Bord an liúntais a íoch. Mar sin féin, agus an Bord ag déanamh athbhreithnithe ar an tríú iarratas, d�aontaigh sé go measfaí an leanbh seo, a raibh réimse donachtaí uirthi le chéile, a bheith incháilithe ó thaobh leighis. Cheadaigh an Bord íocaíocht an DCA i gcás an linbh sin agus shiardhátaigh siad na riaráistí go dtí nuair a bhí sí dhá bhliain d�aois.

Bhí imní orm, áfach, nach raibh dóthain tacaíochta ag an mháthair chun cur ar a cumas aire a thabhairt dá leanaí, agus d�iarr mé ar an mBord an ghnéith sin den ghearán a imscrúdú. D�fhreagair an Bord tríd oibrí sóisialta a cheapadh don teaghlach a bheadh ar fáil dóibh chun cuidiú leo labhairt faoi riachtanais na leanaí leis na Ranna Teiripe Urlabhra agus Teanga agus Teiripe Saothair. Cuireadh Oibrí Tacaíochta Teaghlaigh ar fáil don teaghlach freisin chun cuidiú leis na leanaí lena n-obair bhaile, rud a raibh imní mhór ar an ngearánaí faoi. Bhí mé sásta freisin ina dhiaidh sin nuair a fuair mé glaoch ón ngearánaí ag cur in iúl dom go ndeachaigh na tionscnaimh sin go mór chun tairbhe dá teaghlach.

Back to contents