- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004
Caibidil 3 - Bord Sláinte an Iarthuaiscirt - Gearán faoi Sheirbhís Easpach
Bord Sláinte an IarthuaiscirtGearán faoi Sheirbhís Easpach
Rinne bean ar cuireadh a fear céile, sealbhóir cárta liachta,
amach as ospidéal le déanaí teagmháil liom. D�éirigh a fear céile tinn
arís ina dhiaidh sin, agus rinne an bhean iarracht dul i dteagmháil le
Dochtúir Teaghlaigh a fir chéile agus í ag iarraidh air cuairt baile a
dhéanamh. Ar an drochuair, bhí an Dochtúir Teaghlaigh as baile agus bhí
an-deacracht ag an mbean teagmháil a dhéanamh le Lócam ar a ghuthán
soghluaiste. Nuair a rinne sí teagmháil ar deireadh leis an Lócam agus
nuair a mhínigh sí mar a bhí a fear, dhiúltaigh sé glaoch chuig an
teach. In áit sin, d�inis sé don bhean ar an bhfón cad a d�fhéadfadh sí
a thabhairt dá fear chun fuascailt a thabhairt dó. Mar sin féin, bhí
imní ar an mbean i gcónaí faoina fear céile agus d�fhéach sí uirthi
féin é a thabhairt ar ais chuig an ospidéal agus tógadh ar ais arís é
agus tugadh cóir leighis dó.
Rinne an bhean gearán ina dhiaidh sin le Bord Sláinte an
Iarthuaiscirt ach níor theastaigh ón mBord déileáil leis an gceist agus
cuireadh ar aghaidh chuig an gComhairle Leighis í. Is é sin an
comhlacht a dhéileálann le gearáin chliniciúla in aghaidh bhaill den
ghairm leighis. In áit dul chuig an gComhairle Leighis scríobh an bhean
chugamsa ag tabhairt cuntais ar a gearán, de bhrí gur mheas sí gur
chóir don Bhord déileáil leis. D�aontaigh mé leis an ngearánaí agus bhí
sí den tuairim, ó bhí cárta liachta ag a fear céile, agus ó bhí conradh
ag a Dochtúir Teaghlaigh leis an mBord, gur chóir dó scrúdú a bheith
déanta aige ar an ngearán sa chéad dul síos. D�iarr mé ar an mBord
cruinniú a shocrú ar a fhreastail an Lócam, an gearánaí agus an Bord
agus ina labhair an bhean faoina deacrachtaí agus an imní a bhí uirthi
maidir leis an tseirbhís. Thug an cruinniú sin deis do na páirtithe an
cás a phlé ar bhealach múinte agus dearfach. Ghlac an Lócam a
leithscéal agus chuir sé a leithscéal i scríbhinn chuig an ngearánaí.
