- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004
Caibidil 3 - Bord Sláinte an Oirthuaiscirt - Teidlíocht ar Fóirdheontas Tí Altranais Diúltaithe
Bord Sláinte an OirthuaiscirtTeidlíocht ar Fóirdheontas Tí Altranais Diúltaithe
Tháinig mac mná aosta chugam ar dhiúltaigh Bord Sláinte an
Oirthuaiscirt fóirdheontas tí altranais di ar na forais nach raibh
dóthain maoinithe aige chun an fóirdheontas a íoc. Bhí an bhean aosta,
chomh maith le roinnt iarratasóirí aosta eile, curtha ar liosta
feithimh an Bhoird, ag fanacht le hacmhainní breise a bheith curtha ar
fáil. Rinne mé teagmháil leis an mBord ag cur béime air, de bharr nach
raibh an Bord ag íoc fóirdheontais tí altranais, teidlíocht reachtúil,
go rabhthas ag cur cruatan mór airgid ar an mbean seo agus a teaghlach,
de bhrí gur chiallaigh sé go raibh uirthi costais iomlán tí altranais a
íoc iad féin. I ndiaidh idirghabhála ar mo shon, chuir an Bord brú chun
breis maoinithe a fháil ón Roinn Sláinte agus Leanaí, agus fuair sé
sin, ach níor thug an maoiniú breise sin (�52,000) ach amháin deis don
bhean aosta agus do na hiarratasóirí eile ar an liosta feithimh
fóirdheontas tí altranais a fháil ó dháta reatha, gan aon súil acu go
bhfaighidís riaráistí a cheap mé teidlíocht a bheith acu orthu.
Forálann Rialacháin Tí Altranais go �go gcuirfidh an Bord
Sláinte in iúl don iarratasóir i scríbhinn laistigh d�ocht seachtaine ó
fhaightear an t-iarratas, nó, mura mbíonn an t-eolas ar fad a iarrtar
curtha ar fáil leis an iarratas, laistigh d�ocht seachtaine ó iarrtar
an t-eolas, a chinneadh ar cibé an n-íocfaidh sé fóirdheontas leis an
duine a dtagraíonn an t-iarratas dó nó nach n-íocfaidh agus suim aon
fóirdheontais a bheidh le híoc.�
Ghlac roinnt bord sláinte leis an bhforáil seo mar chead chun
fóirdheontas tí altranais a choinneáil siar ar feadh tréimhse ocht
seachtaine ó fhaightear an t-iarratas. Mar sin féin, is é an chiall a
bhainimse as an reachtaíocht ná go dtugtar fráma-ama ocht seachtaine do
bhoird sláinte cinneadh a ghlacadh ar iarratas, agus chomh luath agus a
thugtar measúnú chun críche, go mbíonn fóirdheontas tí altranais
iníoctha ó dháta an iarratais (nó ón dáta a gcuirtear an duine isteach
sa teach altranais, cibé acu is déanaí).
Sa chás áirithe seo, d�iarr mé ar an mBord an t-iarratas a athbhreithniú agus mé ag féachaint le riaráistí a íoc go dtí an dáta a ndearna an bhean aosta iarratas ar fóirdheontas tí altranais. Is é an toradh a bhí ar an scéal ná gur aontaigh an Bord riaráistí a íoc ní hamháin le mo ghearánaí, ach leis an ocht nduine dhéag iarratasóirí eile ó limistéar an Chábháin/Mhuineacháin a raibh a gcuid riaráistí fóirdheontais coinnithe siar freisin. B�ionann costas na riaráistí ar fad agus �34,000.
