- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004
Caibidil 3 - Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh - Díospóid faoi Scóp Fóirdheontais Tí Altranais
Bord Sláinte an Limistéir ThuaidhDíospóid faoi Scóp Fóirdheontais Tí Altranais
Fuair mé litir ó bhean a raibh a máthair nach maireann, a raibh
cárta liachta aici, ina hothar i dteach altranais príobháideach ó 1993
go dtí 1998. Is é an gearán a bhí ann ná, cé go raibh an bean nach
maireann ag fáil fóirdheontas tí altranais ó Bhord Sláinte an Limistéir
Thuaidh, bhí ar an ngearanaí agus an chuid eile den teaghlach íoc as
éadaí neamhchoinneálach di le linn na tréimhse sin agus chuir sé sin
ualach airgeadais an-trom orthu.
Tagraíonn Rialacháin Tí Altranais 1993 (Airteagal 16.2 �
Seirbhísí a chlúdaíonn fóirdheontas) do �seirbhís a bhreithnítear a
bheith riachtanach i gcás duine a chothabháil i dteach altranais agus
áireofar le cleachtas coitianta i gcuid mhaith tithe altranais leaba
agus bricfeasta, cúram altranais a bheidh oiriúnach do leibhéal
spleáchais an duine, éadaí neamhchoinneálach agus éadaí leapan,
seirbhís níocháin agus áiseanna agus fearais a theastóidh chun cuidiú
le duine spleách le himeachtaí maireachtála ó lá go lá.� Faoin
reachtaíocht, mar sin féin, ba chóir éadaí neamhchoinneálach a
sholáthar ar gach othar atá ag fáil fóirdheontais ón mbord sláinte agus
atá ina gcónaí i dteach altranais príobháideach. Ina theannta sin, bhí
a fhios agam gur eisigh an tAire Sláinte agus Leanaí iarratas ar bhoird
sláinte i Feabhra 2001 a chinntiú go gcoinneodh sealbhóirí cárta
liachta i dtithe altranais príobháideach a n-incháilíocht d�éadaí
neamhchoinneála faoin Scéim GMS, agus go gcuirfí éadaí neamhchoinneála
ar fáil do gach sealbhóir cárta liachta atá ag fáil fóirdheontais ar an
mbunús céanna agus dá mbeidís ina gcónaí sa phobal.
D�iarr mé ar an mBord an cás a athbhreithniú i bhfianaise ar na Rialacháin Tí Altranais, 1993 agus iarratas an Aire agus d�aontaigh an Bord suim iomlán �2,628 a aisíoc leis an mbean i ndáil le costais a bhain le héadaí neamhchoinneála.
