Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 3 - Comhairle Chontae Thiobraid Árann Thuaidh - Usáid Míréasúnta as Cumhachtaí Reachtúla

Comhairle Chontae Thiobraid Árann Thuaidh
Usáid Míréasúnta as Cumhachtaí Reachtúla

Fuair mé gearán in aghaidh Chomhairle Chontae Thiobraid Árann Thuaidh maidir le maoin phríobháideach, a mba le tríú páirtí é, a urgabhaladh ó óstán agus a díoladh, faoin Acht Rialtais Áitiúil, 1941 de bhrí nár íoc úinéir an óstáin rátaí.

Bhí na rátaí, lena n-áirítear riaráistí, dár suim �13,612, dlite ag an óstán don Chomhairle i mBealtaine 2001. In aineoinn iarrachtaí na Comhairle, thar tréimhse fhada, na rátaí a fháil ar ais trí na gnáth nósanna imeachta reachtúla, theip ar an óstán aon íocaíochtaí suntasacha a dhéanamh. Dá réir sin, cuireadh in iúl don óstán go raibh sé ar intinn ag an gComhairle an suim iomlán a bhailiú trí na nósanna imeachtaí a bhí ar fáil di faoi reachtaíocht. Tugadh fógra don óstán go raibh sé ar intinn ag an gComhairle tobhach a chur ar na rátaí trí thochsal.

De bhrí nár íocadh na rátaí faoin dáta dlite, seirbheáladh fógra ar an úinéir faoi Alt 59(2) den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, ag cur in iúl dó mura mbeadh na rátaí gan íoc íoctha laistigh de 14 lá, go raibh sé ar intinn ag an gComhairle tobhach a chur ar an suim a bhí i gceist faoi Acht 1941. De bhrí nár thug an t-úinéir aon fhreagra, chuaig an Chomhairle i mbun na hearraí a ghabháil ón óstán an 3 Iúil 2001. Ba le mo ghearánaí, tríú páirtí nach raibh aon bhaint aige leis an scéal, cuid de na hearraí a urghabhadh, agus ní le húinéir an óstáin. Ina measc bhí bord púl, meaisín liathróidí pionna, cluiche físeáin gluaisrothair dúbailte ar a suífeá síos agus dhá chluiche físeáin ingearacha. Mheas an gearánaí gurbh é glanluach iomlán na n-earraí seo de réir na leabhar ná idir �5,000 agus �7,000.

Dhíol an Chomhairle na hearraí sin níos déanaí ar ceannt an 19 Iúil 2001 in aineoinn go raibh sé ráite ag an ngearánaí leis an gComhairle, trí ghlaoch teileafóin ar an 18 Iúil agus, le faics ar an 19 Iúil 2001, roimh an gceannt, go mba eisean úinéir dleathach na maoine, agus ní an t-óstán.

Dúirt an Chomhairle liom go gceadaíonn an reachtaíocht chuí go soiléir aon earraí a fhaightear ar an maoin a urghabháil, cibé an leis an úinéir iad nó nach ea. Dúirt an Chomhairle freisin gur ghníomhaigh sí laistigh dá cearta aon mhaoin a urgabhadh ón áitreabh a dhíol agus gur chóir aon chasaoid ó thríú pháirtí a thógáil le húinéir an áitribh. Ar deireadh, dúirt an Chomhairle liom má bhí sí chun idirdhealú a dhéanamh idir maoin a bhí faoi úinéireacht an íocóra rátaí agus sin a bhí faoi úinéireacht tríú páirtithe, go gcríochnódh an cás ina phraiseach praiticiúil agus dlí, agus go mbeadh an gníomh ar fad mí-éifeachtach ansin.

Is é mo thuiscint féin ar an scéal nach mbaineann údaráis áitiúla úsáid fhorleathan as Alt 59 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, ach nuair a úsáidtear é, go mbíonn sé an-éifeachtach ó thaobh íocaíochtaí a bhailiú. Is léir go bhfuil cumhacht ag an gComhairle, mura gcomhlíontar dáta dlite íocaíochta, tobhach a chur ar an suim, chomh maith le costais, trí aon earraí a fhaightear ar an áitreabh (cibé an leis an duine atá dlite iad nó le haon duine eile) trí thochsal nó dhíolachán. Faoin reachtaíocht, sa chás go n-urghabhtar earraí duine, taobh amuigh den mhainnitheoir, is féidir le úinéir ceart na n-earraí urgafa cúiteamh a éileamh ón mainnitheoir.

Ag an tús, caithfear a rá go raibh cumhachtaí reachtúla ag an gComhairle na hearraí a urghabháil agus a dhíol faoin reachtaíocht chuí agus lean sí na nósanna imeachta reachtúla a bhí riachtanach sa chás seo. In aineoinn sin bhí imní orm gur chuir gníomhartha na Comhairle anacair ar thríú páirtí, nach raibh baint ar bith aige leis an scéal agus go raibh, trí sheans, maoin dá chuid ar an áitreabh nuair a tháinig an Chomhairle chun earraí a thógáil. Mar sin féin, is é an imní is mó a bhí orm ná gur lean an Chomhairle, agus fios aici go mba le tríú páirtí na hearraí, uirthi chun iad a dhíol. Bhí imní orm go háirithe faoin mí-úsáid is léir a bhain an Chomhairle as a cumhachtaí maidir le maoin an ghearánaí agus mar a theip ar an gComhairle na hearraí a thabhairt ar ais nuair a cuireadh in iúl di nach mba le húinéir an óstáin iad.

Níor ghlac mé le héileamh na Comhairle, gurb é an t-aon réiteach a gheobhadh an gearánaí ar an scéal ná dul i ndiaidh an úinéara as an méid a chaill sé. Bhreithnigh mé má theip ar an gComhairle, ag glacadh leis an méid acmhainní a bhí aici, íocaíocht dhleathach a chinntiú ó úinéir an óstáin, nach dóigh go n-éireodh le duine aonair, le hacmhainní teoranta, íocaíocht a fháil uaidh ach an oiread. Mar sin féin, ba é an phríomhcheist, ó thaobh mo pheirspictíocht de, ná go bhfuair an Chomhairle fógra, i scríbhinn, maidir le húinéireacht na maoine, sular thosaigh an ceannt agus fós féin gur lean sí uirthi le hearraí an ghearánaí a dhíol.

Sa chás sin, deir Treoir an Ombudsman Maidir Leis na Caighdeáin Chleachtais in Fearr do Sheirbhísigh Phoiblí, inter alia,

Ciallaíonn ag déileáil �go cóir� le daoine -

  • ag glacadh leis nach ceart rialacha agus rialacháin, cé go bhfuil siad tábhachtach chun cothroime a chinntiú, a chur i bhfeidhm chomh docht nó chomh dolúbtha sin go gcothaítear éagothromas;

  • pionóis a sheachaint nach bhfuil de réir an méid is gá chun comhlíonadh na rialacha a chinntiú.

Bhí imní orm freisin gur úsáideadh cumhacht draganta chun earraí tríú páirtí a urghabháil. Níl feidhm leis na cumhachtaí sin i reachtaíocht a bhaineann le cumhachtaí na gCoimisinéirí Ioncaim. Le heisceacht i gcásanna comhúinéireachta, ní bhíonn an Sirriam de ghnáth i dteideal maoin a urghabháil atá faoi úinéireacht nó páirtúinéireacht dhaoine seachas an féichiúnaí gabhála. Nuair a urghabhann an Sirriam maoin agus nuair a thagann sé chun solais go mba le tríú páirtí an mhaoin, d�fhéadfadh an Sirriam a bheith dlite ag damáistí chuig an tríú páirtí sin le haghaidh comhshó.

Níor ghlac mé le tuairimí na Comhairle maidir leis an ngníomh ar fad a bheith mí-éifeachtach dá ndéanfadh an Chomhairle idirdhealú idir maoin an úinéara agus sin le tríú páirtí. Tá an tuairim sin bunaithe ar thaithí atá feicthe ag Sirriam an Stáit. Ina theannta sin, mheas mé go ndearna an Chomhairle mí-úsáid ar chumhacht sa bhealach a d�úsáid sí cumhacht lánroghnach chun leanúint le maoin an ghearánaí a dhíol agus gurbh ionann é agus míriaradh agus gur chóir sásamh a thairiscint air. Chuir mé in iúl go raibh an leibhéal sásaimh faoin gComhairle, ach thug mé le fios áfach gur chóir go mbeadh sé mar chúiteamh, ar a laghad, ar an tionchar a bhí ag gníomhartha na Comhairle ar an ngearánaí.

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar an gcás agus thug sí le fios go raibh sí toilteanach fáltais iomlán dhíolachán na n-earraí ar ceannt, dár luach �1,637.96, a thabhairt don ghearána ar bhunús gan dochar chun an cheist a thabhairt chun críche.

Thug mé ar aird go raibh teagmháil déanta ag an ngearánaí leis an gComhairle, roinnt uaireanta ar an teileafón roimh an gceannt. Ba chóir go dtabharfadh sé sin fógra don Chomhairle go bhféadfadh fadhb a bheith ann agus, nach raibh sé cothrom agus réasúnach dul ar aghaidh in aon chor le fáil réidh leis na hearraí ar ceannt nuair ab eol don Chomhairle go raibh an gearánaí ag éileamh gurbh é féin úinéir na n-earraí. D�iarr mé ar an gComhairle an leibhéal sásaimh a bhí sí toilteanach a thairiscint a athbhreithniú. Ar deireadh d�aontaigh an Chomhairle íocaíocht �5,000 a dhéanamh leis an ngearánaí ar bhunús gan dochar, chun soláthar a dhéanamh dá chaillteanas airgeadais. Ghlac mise agus an gearánaí leis an tairiscint sin.

Back to contents