- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004
Caibidil 3 - Comhairle Chontae Loch Garman - Nósanna Imeachta Riaracháin Pleanála Leasaithe
Comhairle Chontae Loch GarmanNósanna Imeachta Riaracháin Pleanála Leasaithe
Fuair mé gearán in aghaidh Chomhairle Chontae Loch Garman maidir
le chomh hoiriúnach agus a bhí eolas a sholáthair an Chomhairle d�fhear
ar mhian leis agóid a chur isteach chuig An Bord Pleanála maidir le
cinneadh pleanála a rinne an Chomhairle.
Chuir sé isteach agóid in aghaidh iarratais phleanála agus nuair
a bhronn an Chomhairle cead pleanála ar an bhforbairt, chuir sé
achomharc isteach chuig An Bord Pleanála (ABP). Dhiúltaigh ABP lena
achomharc agus dúirt go raibh sé neamhbhailí de bhrí go raibh an
admháil a fuair sé ón gComhairle mar chruthúnas gur chuir sé agóid
isteach roimhe sin fágtha amach aige. Bhí liosta sna nótaí míniúcháin a
chuir an Chomhairle ar fáil dó, nuair a chuir siad é ar an eolas faoina
gcinneadh ar an iarratas pleanála, de na rudaí ba chóir a chur isteach
le hachomharc chuig ABP, ach níor luadh iontu an riachtanas duillín
admhála arna eisiúint ag an gComhairle a chur san áireamh.
Dheimhnigh an Chomhairle dom go raibh agóid curtha isteach agus
gur íocadh an táille cuí. Dúirt an Chomhairle liom gur seoladh litir
chuig an agóideoir ag tabhairt admhála dó don agóid agus ag meabhrú dó
gur chóir an litir agus an admháil a choinneáil de bhrí go mbeidís ag
teastáil sa chás go gcuirfí achomharc chuig ABP. Chuir an Chomhairle an
agóideoir ar an eolas ina dhiaidh sin maidir lena cinneadh ar an
iarratas pleanála agus bhí sí den tuairim go raibh sé ráite leis cheana
féin go dteastódh an nóta admhála agus an admháil ar agóid sa chás go
gcuirfeadh sé achomharc isteach chuig ABP.
Ghlac mé leis go raibh an Chomhairle go deimhin i dteagmháil
leis an agóideoir, mar a dúradh. Mar sin féin, bhreithnigh mé maidir
leis na nótaí míniúcháin a d�eisigh an Chomhairle, ina raibh seicliosta
de na rudaí ba chóir a chur san áireamh in achomharc chuig an ABP, gur
chóir admháil buíochais a bheith ann chomh maith. D�iarr mé ar an
gComhairle na foirmeacha agus nósanna imeachta sa réimse sin a
athbhreithniú.
Mar fheagra ar an ngearán leasaigh Comhairle Chontae Loch Garman
na nótaí míniúcháin agus an litir fógra de chinntí pleanála. Mar
thoradh ar an ngearán sin agus ar chomhoibriú na Comhairle, táim sásta
anois nach mbeidh cúrsaí chomh casta arís agus go gcuideoidh an toradh
le soiléireacht bhreise a thabhairt don phróiseas pleanála.
Le linn na bliana dhéileáil mé le gearán freisin in aghaidh Chomhairle Chontae Laoise a d�ardaigh ceisteanna mar sin ach sa chás áirithe seo theip ar an gComhairle na gearánaithe a chur ar an eolas, ag aon tráth, faoin tábhacht a bhain le hadmháil a chur isteach lena n-achomharc chuig ABP. D�ardaigh na gearánaithe ceisteanna freisin faoi chomh hoiriúnach agus a bhí an t-eolas a soláthraíodh maidir leis na táillí a bhí iníoctha, agus líomhnaigh siad, mar thoradh ar an eolas sin gur chuir siad táille mícheart isteach maidir lena n-achomharc. Mar thoradh ar an idirghabháil a rinne mé, d�aontaigh an Chomhairle a cuid foirmeacha agus nósanna imeachta fógra a leasú agus d�aontaigh sí freisin íocaíocht �250 a dhéanamh chun sásamh a thabhairt mar gheall gur theip uirthi na gearánaithe a chur ar an eolas faoi na sonraí go léir a bhain leis an bpróiseas achomharc chuig ABP.
