Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 3 - Comhairle Baile Thiobraid Árann - Iarratas Tithíochta Diúltaithe

Comhairle Baile Thiobraid Árann
Iarratas Tithíochta Diúltaithe

Rinne fear singil gearán liom gur dhiúltaigh Comhairle Baile Thiobraid Árann tithíocht dó.

Nuair a d�ardaigh mé an cheist leis an gComhairle cuireadh in iúl dom nach rabhthas in ann tithíocht a chur ar fáil do dhuine singil mar gur sháraigh an t-éileamh ar thithíocht ó theaghlaigh, ó thuismitheoirí aonair agus ó dhaoine aosta aonaid tithíochta na Comhairle a bhí ar fáil go leanúnach. Sa chás seo, thug an Chomhairle le fios nach áiríodh daoine óga a bhí singil gan aon chleithiúnaigh ar Liosta Tithíochta ceadaithe na Comhairle.

Ní raibh mé sásta leis an scéal seo. Tharraing mé aird na Comhairle go raibh dualgas reachtúil uirthi cóiríocht tithíochta a chur ar fáil do dhaoine ina limistéar riaracháin a bhfuil (a) riachtanas tithíochta acu agus (b) nach bhfuil ar a gcumas cóiríocht den sórt sin a sholáthar ó na gcuid acmhainní féin. Déantar foráil de sin in Alt 60(3)(c) den Acht Tithíochta, 1966. Ón imscrúdú a rinne mise ar an reachtaíocht chuí, bhí mé den tuairim go bhfuil aon duine atá cáilithe faoi na critéir thuas, tar éis don Oifigeach Leighis measúnú a dhéanamh orthu agus iad a cheadú, incháilithe ansin, agus aird ar Scéim Tosaíochta Ligin na Comhairle, le cur ar Liosta Tithíochta ceadaithe na Comhairle.

Is mar seo a leanas a bhí cás áirithe an fhir óig seo

  • bhí iarratas déanta aige ar thithíocht,
  • bhí measúnú déanta air ag Oifigeach Leighis,
  • measadh go raibh riachtanas tithíochta aige,

agus
  • moladh ath-thithíocht ina leith.

Ina dhiaidh sin, agus gach ní eile mar a chéile bhí mé den tuairim gur chóir an fear óg a bheith curtha ar Liosta Tithíochta na Comhairle agus de réir Scéim Tosaíochtaí Ligin na Comhairle, ar bhealach atá cosúil le gach iarratasóir tithíochta eile.

Ní raibh mé sásta gur ghlac an Chomhairle polasaí daoine singil gan aon chleithiúnaigh a dhiúltú ar Liosta Tithíochta ceadaithe na Comhairle. B�fhacthas dom go raibh an polasaí sin míchothrom agus contrártha le forálacha an Achta um Stádas Comhionann, 2000.

Táim den tuairim gur chóir é a bheith mar aidhm ar Scéim Tosaíochtaí Ligin Comhairle comhionannas deiseanna a chur chun cinn ó thaobh rochtain a fháil ar thithíocht údaráis áitiúil, bunaithe ar riachtanais tithíochta coibhneasta. Breithím gur chóir stoc tithíochta na Comhairle atá ar fáil a ligean leis an duine is mó a dteastaíonn sé uaidh, agus nár chóir aon chatagóir duine le riachtanas, mar shampla, duine singil gan cleithiúnaigh, a chur as an áireamh nó a chur faoi mhíbhuntáiste buan vis-á-vis catagóirí eile. Trí dhaoine singil gan cleithiúnaigh a fhágáil amach as Liosta Tithíochta na Comhairle, cuireann sé iad ag míbhuntáiste den sórt sin.

Sna himthosca sin, d�iarr mé ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an láimhseáil a rinne sí ar an gcás, agus cásanna eile den sórt sin. Mar fhreagra, ghlac an Chomhairle, maraon le Grúpa Údaráis Áitiúla Thiobraid Árann Theas, polasaí tithíochta nua maidir le hiarratasóirí aonair. Dheimhnigh sí go ndéanfaí athbhreithniú ar gach iarratasóir singil, gan cleithiúnaigh, a raibh iarratas déanta acu ar thithíocht chuig an gComhairle. Ina theannta sin, d�aontaigh sí athbhreithniú a dhéanamh ar a clár tógála tithíochta reatha chun freastal ar iarratasóirí aonair den sórt sin. Ina dhiaidh sin, chuir an Chomhairle in iúl dom gur ceadaíodh tithíocht i dteach le seomra amháin don fhear óg a bhí i gceist.

In aineoinn an imní a bhí orm faoi pholasaí tithíochta na Comhairle, bhí mé sásta gur ghlac an Chomhairle gníomh dhearfach chomh luath agus a bhí na lochtanna tugtha ar a haird chun réimse aitheanta neamhionannais a réiteach. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun an Chomhairle Baile a mholadh as chomh tapa agus chomh éifeachtúil agus a thug sí faoi na ceisteanna a tugadh ar aird sa chás seo. Spreagfainn údaráis áitiúla eile seasamh chomh forghníomhach céanna a ghlacadh maidir le ceisteanna a dtarraingíonn m�Oifig aird orthu ó am go ham.

Back to contents