Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 3 - Comhairle Cathrach Átha Cliath - Fíneáil Páirceála mar thoradh ar Chomharthaí Míthreoracha

Comhairle Cathrach Átha Cliath
Fíneáil Páirceála mar thoradh ar Chomharthaí Míthreoracha

Fuair mé gearán ó ghluaisteánaí in aghaidh Chomhairle Cathrach Átha Cliath faoi fhíneáil páirceála a d�eisigh an Chomhairle. Bhí achomharc déanta ag an bhfear ar an gcás ach ní raibh sé sásta leis an toradh.

Pháirceáil sé a charr faoi chomhartha �Páirceáil Coiscithe� ag 16.40 ar Shatharn. Thug an comhartha le fios go soiléir go raibh feidhm leis an ordú �Páirceáil Coiscithe� idir na huaireanta 10.00 agus 16.00 ó Luan go Satharn. Cuireadh clampa ar a charr agus tógadh í agus bhí air fíneáil �80 a íoc sula bhféadfadh sé í a fháil ar ais. Fíneáladh é as �Páirceáil ar Ghlanbhealach�. Sa chás sin léirigh Comhartha Glanbhealaigh ag suíomh eile ar an tsráid chéanna go raibh an glanbhealach i bhfeidhm idir na huaireanta 07.00 agus 10.00 agus 16.00 agus 19.00 ó Luan go Satharn. Mar sin bhí an dá chomhartha ag teacht salach ar a chéile. Scríobh an gearánaí chuig an gComhairle ag léiriú á mhíshásacht leis agus chuir sé isteach fianaise i bhfoirm grianghraif chun tacú lena choimhlint go raibh sé i dteideal páirceáil, de réir an chomhartha ar an gcuaille tráchta.

Scríobh Control Plus (an chuideachta clampála) chuige ag léiriú a sásamh leis an gcomharthaíocht sráide agus dhiúltaigh siad a gcéad chinneadh a thontú. Rinne sé achomharc ar an bhfíneáil ina dhiaidh sin agus d�iarr aisíocaíocht ar a chuid costas ar fad, lena áiríodh an fíneáil �80 agus �50 costais ghrianghrafadóireachta. Scríobh an Chomhairle chuige agus dúradh leis gur mheas Oifigeach Achomharc nach raibh aisíoc iníoctha de bhrí go raibh an carr páirceáilte go mídhleathach ar ghlanbhealach agus dúirt sé go raibh an chomharthaíocht sráide a bhí sa cheantar ceart. Scríobh an fear chugam i ndiaidh dó an litir sin a fháil.

Fuair mé tuairisc ó Chomhairle Cathrach Áth Cliath a dúirt de bhrí go raibh an carr páirceáilte ar ghlanbhealach, gur sháraigh sé Airteagal 40 de na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997. Deir Airteagal 40 i ndáil leis an srian glanbhealaigh:

�beidh feidhm leis in aineoinn aon chomhartha dá contrártha trí chomhardtha tráchta eile.�

Dúirt an tuairisc gur aithníodh go dtugann an suíomh inár pháirceáil an gearánaí deis lódála agus folmhú idir na huaireanta 10.00 uaire agus 16.00, ach gur glanbhealach í an tsráid tar éis 16.00. Mar achoimhre, tugann Airteagal 40 ceannas do chomhartha glanbhealaigh thar aon chomharthaí eile sa tsráid chéanna.

Ghlac an Chomhairle go bhféadfadh an gearánaí ceapadh go raibh cead aige páirceáil ag an suíomh de bhrí nach raibh comhartha glanbhealaigh ag an gcuaille tráchta áirithe ag a pháirceáil sé. Mar aitheantas air sin d�aontaigh an Chomhairle an t-iomlán de �130 a aisíoc leis chun an táille clampála agus na costais a thabhaigh sé a chlúdach. Dúirt an Chomhairle freisin go socródh sí go gcuirfí pláta glanbhealaigh ar an gcuaille tráchta áirithe. Chuir sé sin deireadh sásúil leis an gceist agus ba chóir go gcinnteofaí freisin nach dtarlóidh míthuiscintí mar gheall ar chomharthaí páirceála ag an suíomh sin amach anseo.

Back to contents