- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004
Caibidil 3 - Comhairle Chontae na Gaillimhe - Agóid Phleanála Diúltaithe
Comhairle Chontae na GaillimheAgóid Phleanála Diúltaithe
Fuair mé gearán in aghaidh Chomhairle Chontae na Gaillimhe
maidir le diúltú a rinne an Chomhairle glacadh le hagóid tríú páirtí ar
iarratas pleanála.
Fuair Comhairle Chontae na Gaillimhe iarratas pleanála agus
rinne sí bailiú air an 27 Meitheamh, 2003. Faoi Airteagal 18(1)(e) agus
29(1)(a) de Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, ba é an lá
deiridh mar sin le haon aighneachtaí nó breathnadóireachtaí a dhéanamh
ar an iarratas pleanála ná an Déardaoin, 31 Iúil 2003. Tharla go raibh
sé sin ag titim ar aon lá le Rásaí na Gaillimhe.
Rinne mo ghearánaí iarracht agóid a chur leis an iarratas
pleanála an 31 Iúil 2003 ach bhí oifigí na Comhairle dúnta nuair a
shroich sé iad. Thriail an gearánaí ansin an aighneacht a chur isteach
lá arna mhárach ach diúltaíodh é de bhrí go raibh an tréimhse bhailí
chun glacadh le hagóidí imithe in éag an lá roimhe sin. Nuair a
d�ardaigh mé an cheist leis an gComhairle, dearbhaíodh, agus aird á
thabhairt ar na Rialacháin, gurbh é an lá deiridh chun
breathnadóireachtaí a fháil sa chás seo ná an 31 Iúil 2003. Dúirt an
Chomhairle �ní raibh ach uaire oscailte teoranta ag na hoifigí ar an
30ú agus 31ú Iúil, bhí na hoifigí oscailte ar an dá lá sin agus
bhíothas in ann aighneachtaí nó breathnadóireachtaí a chur isteach le
linn tréimhsí riachtanacha na laethanta sin.�
Dúirt an Chomhairle le m�Oifig gur tugadh réamhfhógra maidir le
huaire oscailte teoranta le linn dhá lá Sheachtain na Rásaí mar seo a
leanas:
a) cuireadh fógra in airde ar cheanncheathrú na Comhairle, agus
b) foilsíodh fógraí i bpáipéir nuachtáin a scaipeadh ar fud an Chontae.
Ar deireadh, dúirt an Chomhairle le m�Oifig, cé go raibh áifeála
uirthi nach bhféadfadh sí glacadh le haighneacht an ghearánaí, go raibh
sí sásta go raibh sí ag comhlíonadh a hoibleagáidí go hiomlán faoi na
cóid phleanála cuí.
Agus breithniú déanta ar an gcéad fhreagra a thug an Chomhairle,
ní raibh m�Oifig go hiomlán sásta lena seasamh ar an scéal. Tharraing
mé aird na Comhairle gur tháinig na Rialacháin um Pleanáil 2001 i
bhfeidhm ar an 21 Márta 2001 agus gur tháinig siad in áit Rialacháin um
Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1994. Dúirt m�Oifig, faoi
Rialacháin 1994, nach raibh aon sprioc i bhfeidhm i gcás aighneachtaí
nó breathnadóireachtaí a dhéanfadh tríú páirtithe ar iarratais
phleanála. Is é an chúis atá leis sin, ná roimh 21 Márta 2001, go
bhféadfaí breathnadóireacht ar iarratas pleanála a dhéanamh ag aon
tráth suas go dtí an dáta a ndéanfadh an Chomhairle cinneadh ar an
iarratas.
Is traidisiún é go mbíonn oifigí Chomhairle Chontae na Gaillimhe dúnta ar feadh tréimhse le linn Rásaí na Gaillimhe.
Roimhe seo, faoi Rialacháin 1994, ní raibh fadhb anseo d�agóidí
pleanála tríú páirtí de bhrí go bhféadfaidís agóid a chur isteach ar
iarratas pleanála ag an am suas go dtí an t-am a ndéanfadh an t-údarás
pleanála cinneadh ar an iarratas. Ina theannta sin, faoin sean-réimeas,
d�fhéadfaidís achomharc a dhéanamh chuig An Bord Pleanála, bord
achomharc pleanála neamhspleách, gan agóid a bheith curtha isteach acu
i dtosach chuig an gComhairle Chontae.
Dúirt an Chomhairle go raibh a cuid oifigí oscailte ar an 30ú
agus 31ú Iúil 2003 agus gurbh fhéidir aighneachtaí a chur isteach ar na
laethanta sin. Ghlac m�Oifig leis go raibh sé sin fíor go dtí pointe
áirithe de bhrí go raibh na hoifigí oscailte go dtí 11rn gach lá. Mar
sin féin dúirt m�Oifig gur thug an Fógra Suímh leis an iarratas
pleanála seo le fios go mbeadh oifigí na Comhairle oscailte le linn na
tréimhse 9 rn go dtí 4 in, Luan go hAoine (ach amháin Laethanta Saoire
Poiblí). Sna himthosca sin, bhreithnigh mé nach bhféadfaí locht a fháil
ar an ngearánaí as ceapadh go raibh sé réasúnach aige dul chuig oifigí
na Comhairle tar éis 11 rn ar an Déardaoin, 31 Iúil 2003 agus a agóid a
chur isteach, laistigh den sprioc reachtúil. Bhí sé sin amhlaidh mar
gheall nach Saoire Phoiblí a bhí sa 31 Iúil agus chuaigh an gearánaí
chuig na hoifigí le linn ghnáth uair oibre, mar a bhí sonraithe ar an
bhFógra Suímh.
Mar achoimre, bhí mé den tuairim, mar agóideoir tríú páirtí,
nach bhféadfadh an gearánaí a aighneacht a chur isteach laistigh den
tréimhse cúig seachtaine, mar gheall go raibh oifigí na Comhairle dúnta
nuair a chuaigh sé ann. Mar thoradh air sin theip ar a dheis reachtúil
achomhairc a dhéanamh leis An Bord Pleanála. Ina theannta sin, agus
aird ar Airteagal 29(3) de Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001,
níor ghlac an Chomhairle lena agóid chuig an iarratas pleanála.
Is é an phríomhcheist sa chás seo ná le tabhairt isteach sprioc
cúig seachtaine, faoi Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001,
cuireadh deacracht i láthair na Comhairle nach raibh uirthi déileáil
leis faoi Rialacháin roimhe seo.
Dealraíonn sé nach raibh aon tsúil ag an gComhairle leis an
deacracht seo agus nár rinneadh socruithe malartacha, le linn
Sheachtain na Rásaí, chun freastal ar cháipéisí pleanála a bhí teoranta
ó thaobh ama agus a bhí reachtúil. Mar thoradh air sin, bhí m�Oifig den
tuairim go raibh tionchar tromchúiseach aige sin ar an ngearánaí agus
gur chaill sé a cheart reachtúil chun agóid a chur isteach ar an
iarratas pleanála agus, mar gheall air sin, nach raibh deis aige
achomharc a dhéanamh leis An Bord Pleanála, dá mba mhian leis sin a
dhéanamh.
Sna himthosca sin, d�iarr mé ar an gComhairle an bealach a
láimhseáil sí an cás a athbhreithniú. Ina theannta sin, d�iarr mé ar an
gComhairle cuntas a thabhairt dom ar na nósanna imeachta a bhí
beartaithe aici a thabhairt isteach lena chinntiú nach dtarlódh a
leithéid arís.
Mar fhreagra d�aontaigh an Chomhairle go n-áireofar é seo a
leanas in aon fhógraí poiblí a bheidh i bpáipéir nuachtáin nó eile a
bhaineann le dúnadh Halla an Chontae le linn Sheachtain na Rásaí:
�Sa chás go ndéanfaidh aon duine as an bpobal aon
bhreathnadóireacht ná aighneachtaí a bhaineann le feidhmeanna Reachtúla
na Comhairle go mór mór iarratais phleanála, tabhair ar aird le do
thoil go bhféadfar breathnadóireachtaí nó aighneachtaí den sórt sin a
chur sa bhosca poist atá in aice le príomhiontráil Halla an Chontae
agus measfar breathnadóireachtaí nó aighneachtaí den sórt sin a bheith
faighte ar an lá sin.�
Ina theannta sin, d�aontaigh an Chomhairle �200 a thairiscint,
ar bhunús gan dochar agus mar chomhartha dea-mhéin, don ghearánaí de
bhrí nach raibh sé in ann a agóid a chur isteach i ndáil leis an
bhforbairt a bhí beartaithe nuair a chuaigh sé chuig Oifigí na
Comhairle an 31 Iúil 2003.
