Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 3 - An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh - Riaráistí Pinsean Easláinte Diúltaithe

An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
Riaráistí Pinsean Easláinte Diúltaithe

Rinne fear gearán liom gur bhronn an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh an sochar Leasa Shóisialaigh mícheart air.

I Meán Fómhair 1996 rinne sé iarratas, agus bronnadh Liúntas Míchumais air (DA). Is liúntas seachtainiúil é seo a íoctar le daoine a bhfuil míchumas ag dul dóibh agus atá idir 16 agus 66. Caithfear a bheith ag súil go mairfidh an míchumas ar feadh ar a laghad bliain amháin. Tá an liúntas sin faoi réir oiriúnacht míochaine agus tástáil mhaoine.

Chuir a Dhochtúir Teaghlaigh síos ar a éagumas mar �Pairilís Cheirbreach ó rugadh é�, dúradh go raibh an éagumas �an-trom� agus go leanfadh sé gan �chríoch�. Rinne duine de Mheasúnóirí Leighis na Roinne scrúdú ar an iarratas agus chinn seisean nach raibh ar chumas an fhir dul ag obair agus mhol sé nár chóir é a chur ar aghaidh arís le haghaidh scrúdaithe leighis.

Cé go meastar daoine a fhaigheann DA mar dhaoine nach bhfuil in ann obair a dhéanamh d�fhéadfaidís, le ceadú roimh ré ón Roinn, fostaíocht a ghlacadh a bhainfeadh le hathshlánú nó obair a fháil ar Scéimeanna Fostaíochta Pobail. Sa chás seo chuaigh an fear i mbun post éagsúla mar sin, agus cead cuí faighte aige ón Roinn i ngach cás. Mar sin féin, de bhrí gur íocaíocht tástáil mhaoine é an DA, mar thoradh ar an ioncam a fuair sé ó na poist sin laghdaíodh an íocaíocht leasa shóisialaigh seachtainiúil a íocadh leis.

Go luath i mí na Samhna 2001, i ndiaidh tréimhse a chur i gcrích ag obair ar Scéim Fostaíochta Pobail, chuaigh an fear isteach san Ionad Eolais áitiúil do Shaoránaigh (CIC) chun cúnamh a fháil lena DA a fháil ar ais go dtí an uasráta. Ag an am rinne bainisteoir an CIC, a raibh go leor déileálacha aige leis an bhfear thar na mblianta, fiosrúcháin leis an Roinn chun a thaifead árachais a sheiceáil de bhrí gur chreid sé go bhféadfadh teidlíocht a bheith aige ar Phinsean Easláinte (IP). Is íocaíocht bunaithe ar ranníocaíocht ÁSPC é an pinsean sin a dhéantar le daoine nach mbíonn ar a gcumas dul ag obair go buan mar gheall ar thinneas nó éagumas. Ní íocaíocht tástáil mhaoine é.

Tháinig sé chun solais, i ndiaidh na bhfiosrúchán sin, go raibh dóthain ranníocaíochtaí déanta ag an bhfear le cur ar a chumas cáiliú le haghaidh IP agus go raibh dóthain ranníocaíochtaí íoctha aige ag an am a tugadh DA ar dtús i Meán Fómhair 1996. Sna himthosca sin, rinne sé iarratas ar IP i mí na Samhna 2001 agus rinne sé iarratas freisin ar íocaíocht a chur siar go dtí Meán Fómhair 1996. Bhronn an Roinn IP air ón dáta a ndearna sé iarratas i mí na Samhna 2001 ach dhiúltaigh sí a iarratas ar riaráistí ar na forais gur bhreithnigh sí, mar gheall ar go raibh sé fostaithe agus é ag fáil DA, nach raibh sé ach i dteideal IP ach amháin ó dháta an iarratais. Rinne sé achomharc ar an ndiúltú chuig an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh (SWAO) ach níor sheas an tOifigeach Achomharc (AO) leis an achomharc ar an mbunús go raibh an fear fostaithe le linn na tréimhse a bhí i gceist. Sna himthosca sin, chinn an AO nach bhféadfaí é a mheas ag an am céanna mar dhuine nach raibh sé ar a chumas dul ag obair.

Le linn m�imscrúdaithe ar an ngearán fuair mé comhaid na Roinne agus an SWAO. Tar éis an cás a imscrúdú dealraíodh domsa go mbeadh sé oiriúnach ag an Roinn, nuair a bhí sí ag déileáil leis an iarratas ar DA ag an gcéad chéim i Meán Fómhair 1996, a mheas comh maith an bhféadfadh sé cáiliú do IP. Le linn dá iarratas ar DA a bheith á phróiseáil, scrúdaíodh a thaifead árachais agus, ag glacadh leis go raibh an líon riachtanach ranníocaíochtaí íoctha aige, ba léir gur chomhlíon sé na coinníollacha ranníocaíochta cuí chun cáiliú do IP. Ina theannta sin, nuair a bhí sé ag fáil DA, ghlac sé páirt i roinnt post athshlánaithe agus ba léir go raibh díolúintí faighte aige ó na Rialacha Iompair. Mar sin, bhí mé den tuairim mar gheall ar gurbh ionann tríd is tríd na Rialacha Iompair do DA agus IP, go mba dheacair a shamhlú nach gcomhlíonfadh sé na critéir chéanna chun IP a fháil ag an am.

De bhrí go raibh cás an fhir faoi réir ag achomharc chuig an SWAO d�iarr mé ar an AO an cás a athscrúdú. Ghlac an AO leis an méid a bhí faighte amach agam agus d�aontaigh sé athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh. D�iarr sé ina dhiaidh sin ar an Roinn dámhachtain IP a shiardhátú go dtí Meán Fómhair 1996. Mar thoradh air sin, bronnadh íocaíocht riaráistí �12,070 ar an bhfear. Eisíodh íocaíocht cúitimh de �1,123 freisin air chun chailliúnt cumhacht ceannaigh a bhain le riaráistí a bhronnadh a ghlacadh san áireamh.

Back to contents