Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 3 - An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh - Liúntas Banchéile Tréigthe Diúltaithe

An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
Liúntas Banchéile Tréigthe Diúltaithe

Tugadh Íocaíocht Teaghlaigh le Tuismitheoir Aonair (OPFP) isteach in áit roinnt scéimeanna, lena n-áirítear Liúntas Banchéile Tréigthe (DWB) agus Liúntas Tuismitheora Aonair (LPA), i 1997. Cuirtear stop le teidlíocht dhuine chuig OPFP nuair nach mbíonn aon leanbh/leanaí acu ina gcleithiúnaigh. Mar sin féin, d�fhéadfadh go mbeadh duine nach mbeadh aon leanbh cleithiúnach air a bheadh ag fáil DWB fós i dteideal íocaíochta. Chun cáiliú le haghaidh íocaíochta DWB bheadh ar bhean a chruthú go raibh sí tréigthe ag a fear céile. D�fhéadfaí í a mheas mar dhuine a bheadh tréigthe ag a fear, má d�fhág sé í dá thoil féin, nó má chiallaigh a iompar go raibh uirthi é a fhágáil le cúis mhaith.

Rinne an gearánaí sa chás seo iarratas ar DWB i Márta 1995. Dúirt sí go raibh na cáipéisí cuí ar fad curtha ar fáil aici chun tacú lena héileamh go raibh sí tréigthe ag a fear céile ina raibh fianaise dá hiarratas chuig an gCúirt Chuarda le haghaidh Scaradh Breithiúnach a fháil. Mar sin féin, i ndiaidh imscrúdaithe ar a hiarratas scríobh an Roinn chuici i Meán Fómhair 1995 chun sonraí breise a fháil uaithi faoin tréigeadh. Dúirt sí nach bhfuair sí an litir sin.

I Márta 1996 scríobh Cumann Naomh Uinsionn de Pól chuig an Roinn le fianaise faoi iamh go raibh gealltanas tugtha ag fear céile an ghearánaí don Chúirt Chuarda go bhfanfadh sé amach ón teach sa bhaile go dtí go mbeadh an t-iarratas ar Scaradh Breithiúnach cloiste. Deonadh é sin ina dhiaidh sin i mí na Nollag 1996. D�iarr an Cumann freisin go gcoinneofaí ar an eolas iad faoin iarratas DWB. Nuair a fuair an Roinn an t-eolas sin cuireadh tús le híocaíocht an LPA leis an ngearánaí. Mar sin féin, níor tugadh aon sonraí don Chumann maidir le stádas an iarratais DWB.

Fuair an gearánaí amach ina dhiaidh sin i mí na Samhna 2003, de bhrí go mbeadh a mac 18 mbliana déag an mhí sin, agus nach raibh sé ag freastal ar oideachas lánaimseartha, nach measfaí é níos mó mar leanbh cleithiúnach. Mar thoradh air sin bhí deireadh le cur le híocaíocht an LPA (glaodh OPFP air ag an am). Rinne sí teagmháil le m�Oifig ag an am.

Le linn an imscrúdaithe a rinne mé ar an gcás fuair mé comhaid na Roinne. I ndiaidh dom imscrúdú a dhéanamh ar na comhaid dúirt mé leis an Roinn gur measadh domsa go raibh dóthain fianaise curtha ar fáil ag an ngearánaí ag an am cuí chun tacú lena héileamh go raibh sí tréigthe ag a fear céile. Bhí fianaise curtha ar fáil aici dá hiarratas ar Scaradh Breithiúnach, gealltanas a thug a fear céile go bhfanfadh sé amach ón teach sa bhaile agus cóip den Scaradh Breithiúnach é féin a chuir sí isteach chuig an Roinn. Bhí mé den tuairim freisin go bhféadfaí breathnú ar LPA a thabhairt di, seachas déileáil leis an bhfiosrúchán ar leith maidir le stádas a hiarratas DWB, mar rud a bhí contrártha le riarachán cothrom ná maith.

D�aontaigh an Roinn go ndéanfadh sí athbhreithniú ar a cinneadh agus cuireadh íocaíocht an DWB i bhfeidhm i mí na Samhna 2004. Leanfar leis an íocaíocht go dtí go sroichfidh an gearánaí aois an phinsin beag beann ar cibé an mbeidh leanbh cleithiúnach aici nó nach mbeidh, ar choinníoll ar ndóigh, go leanfaidh sí ag comhlíonadh na gcoinníollacha le DWB a fháil go sásúil. Íocadh riaráistí cuí freisin dár luach �4,269 leis an ngearánaí de bhrí go ndeachaigh an íocaíocht siar go dtí 1 Meitheamh 1995 (trí mhí i ndiaidh an dáta a tréigeadh í de réir na rialachán a rialíonn íocaíocht DWB).

Back to contents