Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 3 - An Roinn Oideachais agus Eolaíochta - Iarratas ar Rollú Diúltaithe

An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Iarratas ar Rollú Diúltaithe

Rinne fear gearán liom thar ceann a mhic a diúltaíodh a iarratas ar rollú i scoil. Rinne an fear achomharc ar an gcinneadh diúltú don iarratas ar rollú agus sheas an Coiste Achomharc leis an achomharc. Mar sin féin rialaigh Ardrúnaí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta go héifeachtach in aghaidh chinneadh an Choiste Achomharc. Ba é an toradh iomlán a bhí air sin ná leanúint leis an gcinneadh an t-iarratas ar rollú a dhiúltú. Bhreithnigh an gearánaí, leis sin a dhéanamh, go raibh a chumhachtaí sáraithe ag an Ardrúnaí faoi Alt 29 den Acht Oideachais, 1998. Luann Alt 29(7)(b) den Acht sa chás go seastar le gearán, go bhféadfaidh an tArdrúnaí treoracha den sórt sin a thabhairt do Bhord Bainistíochta na Scoile mar is léir dósan (agus aird aige ar aon mholadh a rinne an Coiste Achomharc) a bheith caoithiúil chun críocha an cás a réiteach a bhí faoi réir ag achomharc agus gníomhóidh an Bord de réir treoracha den sórt sin. Sa chás seo, d�úsáid an tArdrúnaí a chumhachtaí lánroghnacha chun rialú in aghaidh mholtaí an Choiste Achomharc agus, arna ndéanamh sin dó, chinn sé nach mbeadh sé oiriúnach an Bord a threorú chun mac an ghearánaí a rollú sa scoil.

Agus imscrúdú déanta agam ar an ngearán, bhreithnigh mé go raibh míthuiscint ag an Ardrúnaí ar an rogha a bhronann Alt 29(7)(b) d�Acht Oideachais, 1998 air sa chás seo. Bhí mé den tuairim gur chóir teorainn a bheith lena rogha ó thaobh treoracha a thabhairt a leag amach an bealach a thabharfaí éifeacht do chinneadh an Choiste Achomharc. Mheas mé go bhféadfadh sé gur sháraigh an tArdrúnaí a chumhachtaí faoin Acht agus go mb�fhéidir gur bhunaigh sé a chinneadh ar fhorais míchuí. Mar sin d�iarr mé air a chinneadh a athbhreithniú sa chás seo.

Mar thoradh ar m�idirghabhála, d�fhreaschuir an tArdrúnaí an chéad chinneadh a rinne sé agus d�eisigh sé treoir do Bhord Bainistíochta na scoile chun deis a thabhairt do mhac an ghearánaí rollú sa scoil ó Mheán Fómhair 2004. Mar thoradh ar an chás seo tá soiléiriú tábhachtach déanta ar chumhachtaí an Ardrúnaí ó thaobh déileáil le hachomhairc. Ba chóir dó freisin cabhrú chun cur le neamhspleáchas struchtúir na n-achomharc arna mbunú faoin Acht Oideachais, 1998.

Back to contents