- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004
Caibidil 3 - An Roinn Talmhaíochta agus Bia - Deontas Feabhsúcháin Feirme Diúltaithe
An Roinn Talmhaíochta agus BiaDeontas Feabhsúcháin Feirme Diúltaithe
Rinne feirmeoir gearán liom gur diúltaíodh Deontas Feabhsúcháin
Feirme de �19,000 go míchothrom dó a bhí ceadaithe roimhe sin ag an
Roinn Talmhaíochta agus Bia. Dúirt sé go raibh éifeacht thromchúiseach
ag an ndiúltú sin ar a ghnó. Cheap sé go mba chóir an deontas a íoc
leis agus gur chóir dó cúiteamh a fháil freisin as airgead a bheadh
saothraithe aige sa chás go n-íocfaí an deontas sa chéad chás.
Mar fhreagra ar mo chuid fiosrúcháin dúirt an Roinn liom gur
ceadaíodh an deontas i dtús báire ar bhunús an eolais a bhí curtha
isteach ach go raibh tuilleadh eolais tagtha chun solais agus gur
chreid an Roinn nár chóir deontas a íoc i ndáiríre agus mheas sí gur
bunús dleathach é sin chun an chéad cheadú a aisiompú. Cé gur ghlac mé
leis na pointí a rinne an Roinn mar a bhí siad d�iarr mé freisin
comhaid na Roinne a fháil. Ó na comhaid sin ba léir go raibh an t-eolas
i dtús báire ag an Roinn a thabharfadh deis di an t-iarratas a dhiúltú
ach mar gheall ar an chiall a bhain an Roinn as agus an iarratais á
bhreithniú, ceadaíodh é. Agus an ceadú faighte aige, thosaigh an
feirmeoir ag obair ar an tionscadal. Is ag tráth níos déanaí a thuig an
Roinn nár chomhlíon sé critéir na scéime agus tharraing sí siar an
ceadú.
Níl aon amhras faoi ach gur tháinig tarraingt siar cheadú an
deontais aniar aduaidh ar an bhfeirmeoir de bhrí go raibh sé ceadaithe
ar bhunús an eolais a bhí curtha isteach aige. Ach dúirt an Roinn,
chomh fada is a bhain sé léi féin, cé go bhféadfaí ionchas dlisteanach
a bhunú trí theagmháil idir an feirmeoir agus oifigigh na Roinne, ba é
fírinne an scéil nach raibh an feirmeoir cáilithe nuair a rinneadh
scrúdú níos mine ar a iarratas.
Ba léir domsa go raibh ionchas dlisteanach cruthaithe a d�fhág
an t-iarratasóir i mbun oibre agus é cinnte go n-íocfaí deontas. I
bhfianaise chúinsí an cháis go raibh gá le híocaíocht an deontais de
�19,000. Mar sin féin, níor cuireadh ina luí orm go raibh bunús ann
cúiteamh breise a thairiscint in éineacht leis an deontas.
Ghlac an Roinn le mo mholadh agus íocadh an deontas leis an ngearánaí.
