- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004
Caibidil 2 - An Ombudsman agus Daoine Aosta
An Ombudsman agus Daoine AostaGlactar go forleathan le fad saoil mar thomhais amháin ar
shochaí atá go mór chun cinn. Go minic léirítear bochtanas coibhneasta
tíre trí thagairt a dhéanamh do shaol ré gearr ar meán a cuid
saoránach, i gcomparáid leis an meán i sochaí níos saibhre. Is íorónta
an scéal é, agus líon na daoine aosta ag dul i méid, go mbreathaítear
ar an aos seo, go háirithe san iarthar, mar ualach ar an tír.
Tá an feiniméan sin feicthe againn in Éirinn, tír ina bhfuil an
dul chun cinn eacnamúil iontach ar aon dul leis an �aois� atá ag teacht
ar ár sochaí agus súil go mairfidh níos mó daoine ná riamh go dtí a
seachtóidí, ochtóidí agus nóchaidí. Faoin mbliain 2011 meastar gur
daoine os cionn 65 bliain d�aois agus os a chionn a bheidh i 14% den
daonra, i gcomparáid le díreach faoi 12% i láthair na huaire. Faoin
mbliain 2050, ardóidh an céatadán sin go dtí 24%.
Tá díospóireacht náisiúnta curtha ar bun mar thoradh ar na
fíricí sin faoin �ualach� a thabharfaidh na forbairtí oibiachtúla sin
leo, bíodh sé i mbreis brú ar na seirbhísí sláinte, ar sheirbhísí leasa
shóisialaigh, ar sholáthar tithe altranais, nó ar chistí pinsin.
Féachtar, tríd is tríd, go diúltach ar na saincheisteanna sin agus ar
shaincheisteanna eile, agus is beag airde a thugtar ar an saibhreas a
d�fhéadfadh breis daoine aosta, daoine níos críonna a thabhairt don
tsochaí agus an riachtanas atá ann a chinntiú go dtugtar an chosaint
agus an t-ómós céanna dóibh agus a thugtar dár leanaí óga.
Léiriónn an dearcadh diúltach seo faoi dhul in aois agus daoine
aosta easpa samhlaíochta agus carthannachta. Ba mhaith le go leor
againn saol fada a bheith againn, ach bíonn drogall orainn i ndáiríre
faoi dhul in aois. Tá gaolta agus cairde aosta againn ach níl aon
tuiscint againn ar a gcuid riachtanais, riachtanais a d�fhéadfadh a
bheith againn féin lá éigin. Ba chóir dóibh siúd a bhfuil freagracht
orthu as soláthar seirbhíse, bíodh sé poiblí nó príobháideach, cibé
cíos caranna nó cúram sláinte, cuimhiú go rachaidh siadsan freisin � má
bhíonn an t-ádh orthu � in aois agus ba chóir dóibh smaoineamh air sin
nuair a bhítear ag smaoineamh ar sheirbhísí bunaithe ar aois a roinnt
go héifeachtach.
Bíonn go leor imní ar dhaoine aosta agus orthu siúd a thugann
tacaíocht dóibh faoin mbealach idirdhealaitheach a chaitear leo sa
tsochaí seo uaireanta. Bíonn imní orthu nach mbíonn cóireálacha sláinte
agus/nó scagadh áirithe ar fáil dóibh, seirbhísí a chinnteodh nach
mbeidís ag brath chomh mór ar sheirbhísí a bheadh gann agus daor nuair
a rachaidís in aois. Bíonn imní orthu faoi chúrsaí airgid agus ualaí
eile a bhaineann le cúram tithe altranais má theastaíonn sé uathu agus
nuair a theastóidh sé uathu. Bíonn imní orthu faoin laghad fostaíochta
agus deiseanna oideachais atá ann dóibh siúd fiú amháin faoin gnáthaois
scoir 65 bliain d�aois. Agus thar aon ní eile bíonn imní orthu faoin
treocht sin atá ag dul i méid sa tsochaí breathnú orthu mar dhaoine
díomhaoineacha atá ag cur acmhainní amú.
Is léiriú é an úsáid a bhaintear as an téarma �plódóirí
leapacha� (nó �bed-blockers�) maidir le gnéith amháin don ghéarchéim
leanúnach inár gcuid seirbhísí sláinte den dearcadh atá ann a chuireann
as go mór do dhaoine aosta. Ceann de na gnéithe is tromchúisí faoi
ngéarchéim sna hAonaid Timpistí agus Éigeandála, mar a dúirt na daoine
a chonaic é, ná gurb iad na daoine aosta is minicí a d�fhulaing é, agus
is minic go mbíodh orthu cur suas go náireach le foireann a bhí faoi
bhrú, ach a bhí an-deas leo, foireann nach raibh aon rogha acu ach
tástálacha áirithe a dhéanamh orthu agus iad a scrúdú in áiteanna
poiblí san ospidéal.
Mar Ombudsman déileálaim le go leor gearán ó dhaoine aosta, nó
thar a gceann, tá rogha díobh sin foilsithe thíos. Déantar go leor de
na gearáin de bhrí go dteipeann ar chomhlachtaí poiblí a thabhairt faoi
deara i gceart gur daoine aosta iad na gearánaithe agus go bhféadfadh
deacracht a bheith acu tuiscint a fháil ar fhoirmeacha casta nó
rialacha sonraithe nó treoirlínte ar shochair agus scéimeanna eile a
chomhlíonadh. Déantar gearáin eile de bhrí nach n-imscrúdaítear i
gceart imthosca cáis agus mar sin nach dtugtar aird chuí ar chomh lag
agus atá duine aosta, ná ar a sláinte, nó easpa cumais nuair a bhítear
ag déanamh measúnaithe orthu le haghaidh rud ar bith, fhóirdheontas tí
altranais méadaithe, feabhsúchán tí, nó aon sochar a chiallódh go
mbeadh saol níos éasca acu le níos lú brú san áireamh.
Tháinig an chonspóid faoi thithe altranais a bhfuil anailís mhór
déanta uirthi anois-agus a phléim i gCaibidil 4 den Tuarascáil seo-as
teipeadh córasach a chinntiú gur coinneadh cleachtais táillí laistigh
den dlí. Chuir iarrachtaí chun rialacháin ultra vires soiléire a bhrú
isteach i scéimeanna éagsúla táillí as go mór uaireanta do dhaoine
aosta agus dá dteaghlach.
Le blianta anuas, tá an Ombudsman ar an airdeall freisin faoi
aon iarracht chontráilte a rinne comhlachtaí poiblí an iomarca béime a
chur ar aois dhuine nuair a bhítear á measúnú i gcomhair sochair ar
leith. Uaireanta bíonn cúiseanna bailí ann, b�fhéidir cúiseanna sláinte
agus sábháilteachta, nach gcuirtear seirbhísí áirithe ar fail do
dhaoine aosta, nó go gcuirtear ar fáil iad ar táille níos airde. Ach ba
chóir dúinn ar fad seasamh in aghaidh dhearcaidh a thugann luach níos
lú do shaol dhaoine aosta, dearcadh contúirteach ar gach bealach go
bhféachfá air. Cuireann An tAcht um Stádas Comhionann, 2000 béim ar
leith ar stop a chur le leatrom a bheith á dhéanamh ar seandaoine i
soláthar earraí agus seirbhísí.
