- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004
Caibidil 2 - Bhord Sláinte Limistéar an Chósta Thoir - dTáillí Tí Altranais
Bíonn na deacrachtaí a bhíonn ag daoine aosta a bhíonn ar thóir
teidlíochtaí ó chomhlachtaí poiblí níos measa fós má bhíonn
drochshláinte acu agus mura bhfuil córas tacaíochta teaghlaigh acu. I
gcásanna mar sin bíonn orthu a bheith ag brath ar dhaoine eile an fód a
sheasamh ar a shon. Sa ghearán seo a leanas in aghaidh Bhord Sláinte
Limistéar an Chósta Thoir bhí mé in ann eadránacht a dhéanamh thar
ceann mná aosta ar thug a teach altranais a cúinsí os mo chomhair.
Fuair mé gearán ó úinéirí tí altranais príobháideach thar ceann
mná aosta a bhí ina cónaí ansin ó 2002. Cé go raibh a sláinte fisiciúil
sách maith, bhí galar síciatrach ag dul di agus measadh meán-spleáchas
míochaine a bheith aici chun críocha fóirdheontais tí altranais. Ní
raibh aon chlann ag an mbean agus chuaigh costas iomlán táillí an tí
altranais thar a pinsean comhiomlán agus an leibhéal fóirdheontais tí
altranais a bhí sí ag fáil, rud a d�fhág easnamh a bhí ag dul i méid
uirthi. D�iarr an teach altranais ar Bhord Sláinte Limistéar an Chósta
Thoir fóirdheontas méadaithe a íoc don bhean seo, ach diúltaíodh é sin
a dhéanamh de bhrí gurb é polasaí an Bhoird gan fóirdheontas méadaithe
a íoc ach amháin i gcás othar a meastar uas-spleáchas nó ardspleáchas a
bheith acu. (Is é is ciall le �fóirdheontas méadaithe� ná íocaíocht
breise a d�fhéadfadh an bord sláinte a cheadú chomh maith leis an
bhfóirdheontas a bheadh an duine ag fáil cheana féin).
Chuaigh mé i dteagmháil leis an mBord agus dúradh liom nach
mbreithneofaí fóirdheontas méadaithe i gcás na n-othar sin a measadh
meán-spleáchas a bheith acu mura raibh cúinsí sóisialta maolaitheacha i
gceist. D�iarr mé ar an mBord an t-iarratas sin a bhreithniú arís faoin
gcatagóir sin de bhrí go raibh an bhean ag cur fúithi sa teach
altranais le roinnt blianta, de bharr nach raibh aon chlann aici, agus
go mbeadh sé míréasúnach a bheith ag súil go bhfaighidh sí malairt
cúraim mar gheall ar a sláinte.
Bhí áthas orm gur aontaigh an Bord fóirdheontas méadaithe a chur ar fáil, ní hamháin sa chás sin, ach d�aontaigh sé i gcásanna amach anseo go bhféadfar othair a mheasfar meán-spleáchas a bheith acu a bhreithniú le haghaidh fóirdheontais méadaithe, ag brath ar a gcuid cúinsí sóisialta maolaitheacha.
