Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 2 - Bhord Sláinte an Iarthair - Cúnamh Tithíochta don Scéim Aosach

I gcásanna ina mbíonn daoine aosta leochaileacha ar thóir bunteidlíochtaí tá sé tábhachtach go dtugann comhlachtaí poiblí freagra orthu leis an bpráinn a bhaineann leis an cás agus sa chás go dtagann deacrachtaí riaracháin chun cinn ba chóir don chomhlacht poiblí cur chuige solúbtha agus tuisceanach a ghlacadh. Ghlac mé an seasamh seo agus mé ag déileáil leis an ngearán seo a leanas in aghaidh Bhord Sláinte an Iarthair.

Fuair mé gearán ó fhear thar ceann a mháthar maidir le cinneadh a rinne Bord Sláinte an Iarthair a hiarratas ar chúnamh faoin gCúnamh Tithíochta don Scéim Aosach a dhiúltú. Is scéim é sin trína soláthraítear cúnamh do dhaoine aosta a chónaíonn astu féin i gcóiríocht mhíoiriúnach nó míshláintiúil. Bhí máthair an ghearánaí 82 bliain d�aois, bhí míchumas fisiciúil ag dul di, agus ní raibh sí in ann an folcadán a úsáid. Rinne Ionad áitiúil an Bhoird Sláinte measúnú uirthi agus ceadaíodh aonad ceatha a chur ar fáil di.

Rinneadh iarratas ar mhaoiniú go luath i 2001 ach diúltaíodh é sin i dtosach ar an mbunús gur measadh, go mícheart, nach raibh an t-iarratasóir ina húinéir ar an teach. Nuair a rinneadh soiléiriú ar an gceist, d�athghníomhaigh an Bord an t-iarratas, rinneadh an obair agus d�íoc a teaghlach air. Seoladh sonrasc ansin chuig an mBord ach diúltaíodh an t-iarratas ar dheontas mar gheall nach raibh meastachán don obair seolta chuig an Bhord sular thosaigh an obair.

Rinne mé imscrúdú ar chomhad an Bhoird maidir leis an iarratas. Thug mé faoi deara gur dúradh ar an bhfoirm iarratais agus ar admháil a seoladh nár chóir tús a chur le hobair go dtí go bhfaighfí cead i scríbhinn ón mBord. Thaispeáin an comhad chomh maith gur cuireadh próiseáil an iarratais ar fionraí idir 1 Márta 2001 agus 19 Meitheamh 2001 de bhrí gur measadh go mícheart go mba le mac an ghearánaí an teach. Ní mba léir domsa cén fáth go raibh ceist ann faoi úinéireacht an tí de bhrí gurbh iad ceanglais na scéime ná dá mbeadh iarratasóir ina cónaí léi féin i gcóiríocht a mheas an Bord míoiriúnach agus chomhlíon sí na ceanglais sin. Mar sin féin, is é an éifeacht a bhí ag an iarratas a bheith ar fionraí ná gur cuireadh fad leis an tréimhse a bheadh uirthi cur suas le coinníollacha tí a bhí míoiriúnach.

Glacadh leis go raibh gá le réiteach phráinneach a fháil ar chúinsí máthair an ghearánaí mar thoradh ar thuarascáil a rinne cigire de chuid an Bhoird, ar an gcomhad, a dúirt go raibh sí, �81 bliain d�aois, ina cónaí léi féin....go mór faoi mhíchumas mar gheall ar dhrochairtríteas agus nach raibh sí in ann an folcadán a bhí sa teach a úsáid.� Mhol an cigire go dtabharfaí tosaíocht don obair a chur i gcrích.

Dheimhnigh an Bord i scríbhinn don ghearánaí go raibh oibreacha sainiúla riachtanach agus d�iarr sé luacháil liostaithe den obair ionas go ndéanfaí cinneadh faoin leibhéal cúnaimh a bhronnfaí. Mar sin féin, níor cuireadh luach isteach agus lean an gearánaí leis na hoibreacha feabhsúcháin agus d�íoc an teaghlach go hiomlán astu. Nuair a sheol an gearánaí sonrasc ina dhiaidh sin maidir leis na hoibreacha a bhí curtha i gcrích, diúltaíodh deontas a íoc.

Agus mé ag léamh chomhad an Bhoird dhealraigh sé dom i bhfianaise ábhair na litreach a dheimhnigh go raibh na hoibreacha riachtanach agus ó tharla go raibh sé mhí bailithe thart ó rinneadh an chéad iarratas, nach raibh sé míréasúnach ag an ngearánaí ceapadh gur thug an litir le fios go raibh deontas ceadaithe agus gurb é an t-aon aidhm a bhí leis an luacháil ná cur ar chumas an Bhoird líon iarbhír an deontais cheadaithe a d�íocfaí a chinneadh. Sa chomhthéacs sin, mheas mé nach raibh an cinneadh leanúint leis na hoibreacha ceadaithe i ndiaidh na litreach a fháil míchuí ná contrártha le théarmaí na scéime go háirithe de bhrí go raibh máthair an ghearánaí ina cónaí i gcoinníollacha tí a bhí míoiriúnach thar tréimhse leathnaithe.

D�iarr mé ar an mBord tabhairt faoi athbhreithniú eile ar an gcinneadh gan cúnamh deontais a sholáthar. Chuir an Bord in iúl dom ina dhiaidh sin go raibh cinneadh déanta aige deontas de �3,217 a cheadú i ndáil leis na hoibreacha a cuireadh i gcrích.

Back to contents