Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 2 - Bord Sláinte Limistéar an Iardheiscirt - Chárta Liachta

Tá sé tábhachtach go mbíonn comhlachtaí poiblí, ina ndéileálacha le daoine aosta, cúramach go soláthraíonn siad eolas cruinn dóibh ar a gcuid teidlíochtaí agus go mbíonn nósanna imeachta cearta i bhfeidhm chun taifid inmheánacha a choinneáil ionas go ndéantar taifeadadh chruinn ar chomhairle a chuirtear ar fáil do dhaoine aosta, agus don phobal tríd is tríd, ar fhaitíos go dtiocfadh díospóidí chun cinn ina dhiaidh sin. Léiríonn an chéad chás eile lena raibh baint ag Bord Sláinte Limistéar an Iardheiscirt na pointí sin.

Rinne bean gearán liom thar ceann a hathar ar thug Bord Sláinte Limistéar an Iardheiscirt eolas mícheart dó faoi dteidlíocht a bhí aige ar chárta liachta.

Rinne an fear iarratas ar chárta liachta chuig an mBord i mí na Nollag 2000. Rinne sé fiosrúchán ina dhiaidh sin ar an teileafón maidir le stádas an iarratais a rinne sé agus dúradh leis, bunaithe ar an eolas a thug sé ar an teileafón, nach mbeadh sé incháilithe ar fhorais ioncaim de bhrí gur sharaigh a phinsean ón Riocht Aontaithe (RA) na treoirlínte ioncaim.

Os cionn bliana ina dhiaidh sin, fuair sé amach ó chara leis gur chóir go mbeadh sé i dteideal cárta liachta go huathoibritheach de bhrí go raibh sé ag fáil pinsean Shasana. Sa chás sin, bronntar cárta liachta go huathoibritheach ar phinsinéirí atá ina gcónaí in Éirinn atá ag fáil pinsean leasa shóisialach ó Stát eile de chuid an AE, ar an gcoinníoll nach meastar iad a bheith fostaithe nó féinfhostaithe anseo agus nach bhfuil siad ag fáil pinsean leasa shóisialaigh in Éirinn, agus nach gá dóibh tástáil mhaoine a dhéanamh.

Chuir an gearánaí iarratas eile isteach i mí Iúil 2002 agus d�inis sé don Bhord go raibh sé ag fáil pinsean ón RA. Tugadh cárta liachta dó féin agus dá bhean chéile. Go gairid ina dhiaidh sin rinne sé iarratas ar aisíoc costas a thabhaigh sé faoin Scéim Míochaine Ginearálta ón am a ndearna sé iarratas i dtosach ar an gCárta Liachta i mí na Nollag 2000 suas go dtí an t-am a tugadh dó é i Lúnasa 2002. Dhiúltaigh an Bord agus an tOifigeach Achomharc é sin ar na forais nach raibh aon taifead ann den chéad iarratas a dúirt sé a chuir sé isteach chuig an mBord i mí na Nollag 2000. Ina theannta sin, ní raibh aon taifead ann de ghlaonna teileafóin a rinne sé féin agus a iníon chuig an mBord ina dhiaidh sin faoin gceist.

I ndiaidh dom imscrúdú a dhéanamh ar an gcás fuair mé amach nach raibh aon chóras ann chun glaonna teileafóin a logáil maidir le fiosrúcháin a fuarthas ó dhaoine aonair faoi iarratais ar chártaí liachta. Rinne an Bord athbhreithniú ina dhiaidh sin ar a chinneadh agus eisíodh aisíoc de na costais liachta incháilithe a thabhaigh an gearánaí don tréimhse chuí dár luach �1,851. Tá foirm freisin tugtha isteach ag an mBord chun sonraí glaonna teileafóin a dhéantar faoi iarratais ar chártaí liachta a thaifeadadh.

Back to contents