Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 2 - An Roinn Talmhaíochta agus Bia - Scéim Cosanta Timpeallachta Tuaithe

Deir Treoir an Ombudsman Maidir Leis na Caighdeáin Chleachtais in Fearr do Sheirbhísigh Phoiblí, inter alia, go gciallaíonn �Déileáil �go cóir� le daoine � ag glacadh leis nach ceart rialacha agus rialacháin, cé go bhfuil siad tábhachtach chun cothroime a chinntiú, a chur i bhfeidhm chomh docht nó chomh dolúbtha sin go gcothaítear éagothromas.� Rinneadh an gearán seo a leanas, lena raibh baint ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia agus baintreach aosta leis, mar gheall ar shraith míthuiscintí ar thóg sé tamall orthu teacht chun solais agus mar thoradh orthu bhí an Roinn ag iarraidh aisíocaíochta mór ón ngearánaí.

Rinne fear céile Mrs White (ní hé sin ainm ceart an ghearánaí) iarratas ar dhul isteach sa Scéim Cosanta Timpeallachta Tuaithe (REPS). Chuir oifig áitiúil na Roinne Talmhaíochta agus Bia admháil amach go raibh a phlean faighte acu mar is ghnáth. Seoladh an plean áfach ar ais chuig a phleanálaí chun rudaí beaga a cheartú agus sheol an pleanálaí ar ais chuig an Roinn é ina dhiaidh sin. Ar an drochuair, bhásaigh an tUasal White idir an dá linn. Níor chuir pleanálaí Mrs White an Roinn ar an eolas faoi sin.

Cúpla mí ina dhiaidh sin, cheadaigh an Roinn an phlean agus d�eisigh sí fógra glactha ar an Uasal White. Chuaigh a bhaintreach i dteagmháil leis an bpleanálaí agus í ag iarraidh an t-ainm a athrú go dtí a hainm féin. Chuir sé in iúl go bhféadfaí sin a dhéanamh, leis an aimsir, agus nach mbeadh aon fhadhb aicise leanúint leis an bplean. Thart ar an am céanna chuaigh Mrs White i dteagmháil leis an Roinn maidir le hiarratas ar dheontas éigin eile a bhí déanta ag a fear céile agus dúirt sí go gcaithfí an t-iarratas a chur siar mar gheall ar a bhás. Dúirt sí freisin leis an oifigeach céanna go raibh uaithi leanúint ar aghaidh leis an bplean REPS ina hainm féin.

Go gairid ina dhiaidh sin scríobh an Roinn chuig �Reps an Uasail White nach maireann� ag deimhniú go raibh an t-iarratas ar dheontas curtha ar ceal i ndiaidh a glaoch gutháin. Lá arna mhárach fuair sí litir ón oifigeach céanna ag glacadh le hiontráil a fir chéile nach maireann chuig REPS. Cúpla lá ina dhiaidh sin rinne an Roinn an chéad íocaíocht. Bhí an seic scríofa amach in ainm a fir chéile nach maireann. Dúirt Mrs White go raibh sé ráite ag oifigeach eile léi cheana féin, i ndiaidh bás a fir chéile, go bhféadfadh sí seiceanna a bhí in ainm a fir chéile nach maireann a shoinseáil agus rinne sí amhlaidh.

Thart ar bhliain ina dhiaidh sin rinne oifigeach Roinne, nach raibh ar an eolas faoi bhás an Uasail White, imscrúdú agus tháinig sé ar roinnt easnamh sa phlean. Mhol sé ansin go gcuirfí deireadh le plean an Uasail White agus go dtosófaí ceann eile faoi ainm Mrs White í féin. Cúpla mí ina dhiaidh sin scríobh an Roinn chuig Mrs White ag rá léi go raibh plean an Uasail White curtha ar ceal agus go bhféadfadh sí, dá mba mhaith léi, plean nua a chur isteach. An mhí ina dhiaidh sin scríobh an Roinn chuig Mrs White ag rá léi go raibh an Roinn ag iarraidh íocaíocht na chéad bliana a rinneadh léi a fháil ar ais. B�ionann é sin agus thart ar �7,000. Bhain sé sin geit mór aisti de bhrí gur chreid sí go raibh gach rud déanta i gceart aici agus go raibh an Roinn curtha ar an eolas aici i gcónaí faoi cad a bhí ag tarlú.

Agus mé ag déanamh imscrúdaithe ar chomhaid na Roinne dealraíodh dom gur thuig an Roinn a cás. Mar sin féin, de bhrí go bhfuil an scéim maoinithe 75% ag an AE agus i ndiaidh comhairle dhlíthiúil a fháil go raibh an Roinn in ann de réir an dlí an t-airgead a íocadh leis an Uasal White a fháil ar ais, chinn an Roinn go gcaithfí an t-airgead a fháil ar ais. Is é an bunús ar a tagadh ar an gcinneadh sin go príomha ná de bhrí nach raibh conradh i bhfeidhm nuair a bhásaigh an tUasal White, go gcaithfí aon íocaíochtaí a rinneadh a aisíoc.

Rinne Mrs White achomharc ar an gceist ina dhiaidh sin chuig Oifig na nAchomharc Talamhaíochta neamhspleách, agus dhiúltaigh siad a hachomharc ar an mbunús nach raibh conradh i bhfeidhm agus go raibh an Roinn ag gníomhú de réir théarmaí na scéime. Ba chosúil áfach nach tógadh an cinneadh diúltú, ach amháin i ndiaidh breithniú an-sonraithe a dhéanamh ar na himthosca truamhéalacha a bhain leis an gcás ar fad.

Cheap mé nár caitheadh go réasúnach le Mrs White agus ar na cúinsí eisceachtúla a bhain leis an gcás san áireamh. Thug an Roinn le fios arís, cé gur ghlac siad le mo chuid tuairimí, go raibh siad ag gníomhú de réir théarmaí na scéime. Dúirt an Roinn freisin go gcaithfí an t-airgead a íocadh cheana féin a aisíoc mar gur breithníodh nach raibh conradh bailí i bhfeidhm idir an Roinn agus an tUasal White. Mhínigh an Roinn freisin nach bhféadfaí íocaíocht ex gratia a dhéanamh faoi théarmaí na scéime. Ní raibh mé, áfach, chun glacadh leis nár cheart cúinsí speisialta Mrs White a ghlacadh san áireamh agus d�iarr mé ar an Roinn an cás a scrúdú arís.

Tar éis roinnt comhfhreagrachta ghlac an Roinn le mo chuid tuairimí agus cé go raibh sí fós den tuairim nach raibh aon rud mícheart déanta acu sa chás seo, tá cead iarrtha aici ar an Roinn Airgeadais an fiachas seo a dhíscríobh. Táim an-sásta a chloisteáil gur aontaigh an Roinn Airgeadais leis an moladh sin.

Molaim an dá Roinn as aitheantas a thabhairt do na cúinsí eisceachtúla a bhain leis an gcás agus as a solúbthacht ó thaobh déileáil go dearfach leis an gcás seo chun é a réiteach ar bhealach cothrom.

Back to contents