Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 4 - Bainistiú Cásanna

Bainistiú Cásanna

Thugamar 2,090 cás chun críche i 2004 agus dhéileáil muid le 8,774 fiosrúchán. I dtéarmaí líon na gcásanna, ba é an phríomhfócas a bhí againn i 2004 ná líon na gcásanna idir lámha a laghdú. Cé go bhfuil gach cás idir lámha gníomhach, trí spriocanna a leagan síos cinntítear go dtugtar aird leanúnach ar chúrsaí a chur i gcrích go luath agus cur chuige disciplíneach a ghlacadh maidir le bainistíocht cásanna.

Cuireadh tús leis an mbliain le 814 cás idir lámha, agus bhí 167 díobh sin oscailte ar feadh níos mó ná 52 seachtaine, agus ag deireadh na bliana, bhí 788 cás idir lámha, agus 173 díobh oscailte ar feadh breis is 52 seachtain. Bhí an aischur beagán níos lú ná na spriocanna de 755 agus 135 cás, faoi seach. Bhí roinnt torthaí iontacha in aghaidh spriocanna i roinnt ranna den Oifig agus cé gur oibrigh an fhoireann ar fad go dian chun na spriocanna sin a bhaint amach, d�ardaigh an sprioceasnamh foriomlán mar gheall ar mhoill nach bhféidir a sheachaint ó thaobh roinnt post a líonadh agus easnaimh sealadacha eile a bhí in acmhainní foirne.

Ar fud 2004 go léir leanamar ag samplú comhad gearán aonair trí thagairt do shraith táscairí cáilíochta comhaontauithe (e.g. am a thógann sé gearán a fhreagairt, an gearánaí a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn, cumarsáid dhíreach agus shimplí etc.). Bunaíodh grúpa oibrithe cásanna le cathaoirleach neamhspleách, ar a tugadh an Grúpa Athbhreithnithe ar Cháilíocht Cásanna. Tuairiscíonn sé chuig an gCoiste Comhairleach Bainistíochta ar chomh mór agus a rinneadh freastal ar na táscairí cáilíochta sna comhaid ghearáin aonair a samplaíodh.

Back to contents