Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 3 - Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim - Díospóid faoi Chuntas Neamhchónaitheach Bréagach

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Díospóid faoi Chuntas Neamhchónaitheach Bréagach

Fuair mé gearán ó dhuine a dúirt gur cuireadh in aithne go míchruinn do na Coimisinéirí Ioncaim (Na Coimisinéirí) é mar shealbhóir cuntais neamhchónaitheach bréagach. Dúirt an gearánaí gur dheimhnigh sé do na Coimisinéirí nach raibh a leithéid aige agus bhí imní air go raibh a ainm measctha le sealbhóir cuntais eile leis an ainm céanna. Bhí imní air freisin nach raibh an cás á réiteach go tráthúil agus idir an dá linn bhí a dheá-cháil agus a shlí bheatha i mbaol. Rinne sé gearán liom gur dhiúltaigh na Coimisinéirí ainm na hinistitiúide a d�ainmnigh é a insint dó, ag séanadh deise dó dul i ndiaidh an cháis é fhéin.

D�ainmnigh institiúid airgeadais an gearánaí mar shealbhóir cuntais neamhchónaitheach bréagach, mar fhreagra ar imscrúdaithe a rinne na Coimisinéirí Ioncaim faoi úsáid chuntais neamhchónaitheacha bréagacha agus go háirithe, i rith tionscnamh a raibh sé mar aidhm acu dliteanais cánach ( nó �buncháin�) a aithint agus a fháil ar ais. Dliteanais ab ea iad seo a bhain le cistí a taisceadh sna cuntais sin. Sa chéim seo den imscrúdú bhí oibleagáid ar institiúidí, de réir Orduithe Ardchúirte, ainmneacha agus seoltaí aicmí áirithe cáiníocóirí a sholáthar a bhféadfadh baint a bheith acu le himghabháil cánach. Ceann de na coinníollacha a bhain le hOrduithe na hArdchúirte ná gur chóir custaiméirí a chur ar an eolas roimh ré go raibh sé ar intinn ag an institiúid airgeadais ainm a thabhairt ionas go dtabharfaí deis don chustaiméir aon earráidí a cheartú. Sa chás seo, dheimhnigh an gearánaí nach bhfuair sé a leithéid d�fhógra riamh. Gan fógra ní raibh sé in ann an institiúid a ainmniú ná dul chucu chun a ainm a ghlanadh.

Nuair a scrúdaigh mé an cás, dúirt na Coimisinéirí ar dtús go mbeadh oibleagáid orthu cumhachtaí reachtúla breise a úsáid chun cur ar a cumas dul ar ais chuig an institiúid ainmnithe ionas go dtabharfaí ainm na hinstitiúide don ghearánaí, agus go dtógfadh sé roinnt ama sin a dhéanamh. Mar sin féin, i ndiaidh breis imscrúdaithe sa chás d�admhaigh an institiúid a bhí i gceist gur cuireadh ainm an ghearánaí chuig na Coimisinéirí trí dhearmad. Dúirt na Coimisinéirí leis an ngearánaí ina dhiaidh sin nach raibh aon dliteanas air sa chás. Lean an gearánaí áfach ag dearbhú go raibh an ceart aige fios a bheith aige cén institiúid a d�ainmnigh é agus dúirt mise nár chóir go gcuirfí brú ar an ngearánaí caingean dlí a chur ar bun chun na críocha seo, má bhí bealaí eile ar fáil dó. Ag teacht as tuilleadh cumarsáide leis na Coimisinéirí, agus sa chomhthéacs go raibh an t-ábhar curtha ar aghaidh chuig m�Oifig féin, cuireadh ina luí ar an institiúid í féin a ainmniú don ghearánaí. Bhí an gearánaí sásta go gcuirfeadh sé sin ar a chumas féachaint chun sásamh a fháil ón institiúid lena mbaineann.

Back to contents