Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 2 - an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh - Liúntas Cúramóra

Sa chás seo a leanas lena raibh baint ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh bhí mé in ann fianaise nua a fháil a léirigh gur chomhlíon fear a bhí ag tabhairt aire dá mháthair aosta a bhí lag, na critéir chun Liúntas Cúramóra a bhronnadh air.

Is íocaíocht tástáil-mhaoine é Liúntas Cúramóra (CA) do chúramóirí ar ioncam íseal a chónaíonn le daoine áirithe a dteastaíonn cúram lánaimseartha agus aire uathu agus a thugann aire do na daoine sin. Déantar measúnú ar an riachtanas chun cúram agus aire lánaimseartha a sholáthar ar bhonn aonair. Ní bheartaítear, agus níl sé inmhianaithe, go mbeifí ag súil go soláthródh cúramóir aire ar bhonn 24 uair a chloig. Mar sin, agus measúnú á dhéanamh ar an leibhéal cúraim agus aire, tá sé ráite ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh go gcuireann sé na prionsabail chun cúram agus aire den sórt sin a sholáthar ar bhealach solúbtha, agus aird chuí ar riachtanais an chúramóra agus an duine a dteastaíonn aire uaidh/uaithi i bhfeidhm.

Rinne ionadaí poiblí gearán liom thar ceann fir ar dhiúltaigh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh iarratas dá chuid ar CA i mí na Samhna 2002. Bhreithnigh an Roinn nach raibh sé ag tabhairt cúram agus aire lánaimseartha dá mháthair mar a
éilítear i dtéarmaí agus coinníollacha na scéime CA. Rinne sé achomharc ar an ndiúltú chuig an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh (SWAO) ach níor seasadh lena achomharc. Ba é an phríomhchúis a bhí leis an dícheadú ná tuairisc a tháinig ó Chigire Leasa Shóisialaigh (SWI) a dúirt gur dhúirt an fear leis gur chaith sé ocht n-uaire a chloig sa ló ag obair ar fheirm an teaghlaigh.

Rinne mé imscrúdú ar na comhaid chuí agus, agus ó na sonraí a bhí istigh iontu, chinn mé go mbeadh sé oiriúnach breis eolais a fháil ón bhfear faoin gcás. I ndiaidh dom teagmháil a dhéanamh leis shéan sé go neamhbhalbh gur chaith sé ocht n-uaire a chloig sa ló ag obair ar an bhfeirm agus thug sé sonraí sonracha dom faoi gcúram agus faoin aire a bhí sé a chur ar fáil dá mháthair. Thug sé le fios dom go raibh a mháthair ceithre scór bliain d�aois, go raibh oistéapóróis ag dul di, agus cataracht, go raibh sí an-lag agus nach raibh sí in ann an teach a fhágáil. Cé go raibh air a bheith i mbun oibre ar an bhfeirm, chiallaigh an fheirmeoireacht a bhí ar bun aige nach mbíodh sé riamh i bhfad ón teach agus nach raibh air móran achar a chaitheamh as baile.

Dealraíodh go raibh an t-eolas a fuair mise ón bhfear difriúil ó na sonraí a bhí i dtuairisc an SWI. Mar sin d�iarr mé ar an Roinn féachaint ar an iarratas arís. Thug an Roinn an cheist ar aghaidh arís le haghaidh tuairisce eile a bhí le déanamh ag SWI, agus ansin, seoladh an tuairisc chuig Oifigeach Achomharc (AO) sa SWAO. I ndiaidh dó na sonraí a fháil chinn an AO an t-achomharc a athoscailt tríd éisteacht ó bhéal. Agus imscrúdú á dhéanamh ag an AO, agus aird aige ar na fíricí agus ar an bhfianaise nua, cinneadh go raibh an fear i dteideal CA a fháil. Shiardhátaigh sé íocaíocht go dtí dáta an iarratais i mí na Samhna 2002 agus fuair an fear riaráistí dár suim �5,225 ina dhiaidh sin.

Back to contents