Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 1 - Réamhrá

Réamhrá

Ba í 2004 an chéad bhliain iomlán agam in oifig agus tháinig sí le comóradh 20 bliain bhunú Oifig an Ombudsman. Ag comhdháil speisialta don chomóradh i nDeireadh Fómhair labhair roinnt cainteoirí aitheanta agus toscairí faoin dul chun cinn mór atá déanta ag an Oifig ó 1984 go dtí an lá atá inniu ann, ag tabhairt anailíse ar an dtionchar dearfach a bhí aici ar an riarachán tríd is tríd agus ar na céadta daoine a d�iarr cabhair uirthi.

Is é an phríomhfheidhm atá ag m�Oifig ná cosaint a thabhairt don duine ó ghníomhartha míchothroma an Stáit, gníomhartha nach bhfuil cóir ná ceart. Tá an tábhacht chéanna leis an ról atá aici ó thaobh cabhrú le comhlachtaí poiblí feabhas a chur ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil don phobal trí bhotúin riaracháin agus cleachtais mhíchothroma a thabhairt faoina n-aird agus tríd iad a threorú chun a gcuid gnó a dhéanamh leis an bpobal ar bhealach níos fearr. Ar an mbealach sin, ní hamháin go gcuidítear leis an duine é féin ach cuidítear leis an bpobal i gcoitinne agus baintear amach cleachtais riaracháin ar chaighdeán níos fearr.

Sonraíonn Tuarascálacha Bliantúla na hOifige na bealaí éagsúla a raibh tionchar aici ar shaolta ghnáthdhaoine. Cuirim i gcás baintreacha a bhí ar thóir liúntais bhunúsacha, daoine le míchumas a bhí ag iarraidh deontas a fháil chun an caighdeán saoil sa bhaile a fheabhsú, teaghlaigh a bhí faoi bhrón agus a bhí ar thóir freagraí ó ospidéil i ndáil leis an gcúram a fuair a ndaoine muinteartha, feirmeoirí ag iarraidh freagraí faoin gcúis a bhí le deontas nó sochair áirithe a chailleadh, daoine aosta ar thóir cúraim inacmhainne, tiománaithe cairr ag ceistiú táillí clampála, cáiníocóirí ag iarraidh sásaimh mar gheall ar ró-íocaíocht, seirbhísigh phoiblí a bhí ar scor ag iarraidh cearta pinsean a bhí caillte acu a fháil ar ais, tuismitheoirí ag ceistiú an laghad cúram ortadóntach a bhí ann dá leanaí agus bhí na céadta samplaí eile againn áit nár chaith an Stát go ceart leis na ndaoine ar a bhfreastalaíonn sé.

Ar ndóigh táimid go léir ar an eolas faoi chonspóid leanúnach na dtithe altranais agus an toradh millteach a bhí ar gníomhartha áirithe míriaracháin, ar leibhéal náisiúnta. Sa chás sin toisc gur teipeadh leis na blianta aitheantas a thabhairt go raibh sé mídhleathach rialacháin a chur i bhfeidhm chun táille a ghearradh ar othair phoiblí as cúram tí altranais tá costas uafásach anois ar an Státchiste agus i ndáiríre, ar an gcáiníocóir.

Tá ról na h-Oifige seo sa scéal sin ar eolas ag cách. Tá sé cruthaithe anois go bhfuil an anailís a rinne an Oifig ar an gceist ó cheann ceann na 1990�aidí ar fad ceart, rud a léiríonn ní hamháin an tábhacht agus an bhailíocht a bhaineann le hinstitiúid an Ombudsman, ach rud freisin a spreagann ceisteanna faoi conas a fhéadfaí tuilleadh tacaíochta a thabhairt don Oifig agus a spreagfaí chuntasacht riaracháin níos fearr fós. I 1996 mol an Grúpa Athbhreithnithe Bunreachta go neamhbhalbh go mba chóir airteagal nua a chur isteach sa Bhunreacht �ag deimhniú bunú oifige an Ombudsman, ag déanamh forála do chleachtas neamhspleách imscrúdaithe agus feidhmeanna eile na hoifige i ndáil le gníomhartha riaracháin de réir mar a chinntear leis an dlí, agus forálacha eile a dhéanamh cosúil leo siúd a bhaineann leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus ag teacht le hAcht 1980 (Ombudsman) mar atá leasaithe.�

Ar an mbealach céanna a dhéanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste monatóireacht ar chuntasacht airgeadais, de réir na tuarascála, déanann an Ombudsman monatóireacht ar chuntasacht riaracháin. Ba chóir mar sin an tábhacht bunreachtúil céanna a thabhairt do chuntasacht riaracháin agus a thugtar do chuntasacht airgeadais.

Déanann go leor daonlathas ar fud Iarthar na hEorpa foráil d�Ombudsman ina gcuid bunreachtaí. Cuireann sé iontas mór orm freisin go bhfuil líon mór daonlathas atá ag teacht chun cinn in Lár agus in Oirthear na hEorpa freisin den tuairm gur tomhais ar a ndaonlathas atá ag fás é oifig Ombusdman a chruthú tríd an mBunreacht agus, go minic, ag teacht le reachtaíocht um shaoráil faisnéise a thabhairt isteach.

Thug an Grúpa Athbhreithnithe Bunreachta freisin faoi deara go mbíonn oifig an ombudsman, páirteach i ndaonlathas shláintiúil, �Éilíonn daonlathas éifeachtach go mbeadh seirbhísigh phoiblí freagrach as a gcuid gníomh agus go dtabharfaí cosaint do shaoránaigh in aghaidh mhíriaracháin a dhéanann oifigigh phoiblí.�

Tá sé in am anois ag an Oifig, fiche bliain i ndiaidh a bunaithe, ról níos láidre fós a bheith aici i riarachán poiblí na tíre seo. Tugtar stádas bunreachtúil d�Oifig Ombudsman na hEorpa, a bunaíodh díreach deich mbliana ó shin, i mBunreacht na hEorpa. Tar éis 20 bliain, b�fhéidir go bhfuil sé in am anois an stádas céanna a bhronnadh ar oifig Ombudsman na hÉireann ina tír féin.

Back to contents