- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Láimhseáil Gearáin - Comhairle Contae Chill Dara
Aguisín 3 - Treoirlínte ón Roinn
Aguisín le Ciorclán O.U. 2/85
Oifigigh Caidrimh.
1. Ba cheart do gach Bainisteoir oifigeach a ainmniú ar leibhéal sinsearach le gníomhú, thar ceann na n-údarás ina bhfuil an Bainisteoir freagrach, mar Oifigeach Caidrimh le hOifig an Ombudsman. Ba cheart ainm, seoladh oifigiúil agus uimhir/uimhreacha teileafóin an oifigigh sin agus, san am atá le teacht, aon athrú san fhaisnéis sin, a chur in iúl don Roinn Comhshaoil agus d’Oifig an Ombudsman.
2. Meastar gurbh iad príomhfheidhmeanna an Oifigigh Chaidrimh ná:
- a bheith mar chéadphointe teagmhála in aon chás ar leith idir Oifig an Ombudsman agus an t-údarás áitiúil;
- a chinntiú go gcuirtear aon fhiosruithe ó bhéal nó i scríbhinn ó Oifig an Ombudsman go dtí an rannóg / na rannóga cuí den údarás áitiúil láithreach bonn chun go ndéileálfaí leo;
- A chinntiú go ngéilltear do na teorainneacha ama uile a bhaineann le hiarratais ar fhaisnéis etc., ó Oifig an Ombudsman;
- a chinntiú go bhfuil na comhaid agus na doiciméid ábharthacha uile ar fáil gan dua le scrúdú nuair a iarrann Oifig an Ombudsman sin;
- a chinntiú go soláthraítear áiseanna oiriúnacha d’fhoireann an Ombudsman ar a gcuid turas ar an údarás áitiúil.
3. Agus oifigeach á ainmniú do dhualgais chaidrimh ba chóir ceann a thógáil de na feidhmeanna thuas, agus de na gnéithe seo a leanas chomh maith:-- .
- an gá atá le rochtain éasca ar an mBainisteoir;
- an stádas is gá le gearáin a phróiseáil go tapaidh agus le héifeacht laistigh den údarás áitiúil, agus
- inrochtaineacht d'fhoireann an Ombudsman.
4. Ní shamhlaítear gur ghá go mbeadh an tOifigeach Caidrimh a ainmnítear ag gabháil de na feidhmeanna sin go lánaimseartha
Imscrúduithe/Imfhiosruithe ag an Ombudsman
5. Soláthraíonn an t-eolaí atá leis seo ar phríomhfhorálacha Acht Ombudsman, 1980 sonraí ar an gcineál cásanna lenar féidir leis an Ombudsman, agus iad siúd nach féidir leis, a imfhiosrú faoin Acht. Tá cumhacht ag an Ombudsman cibé nósanna imeachta is dóigh leis a bheith cuí a shocrú le himfhiosrú a riaradh. Táthar ag súil, ar a shon sin, íosmhéadú a dhéanamh ar fhoirmeáltachtaí agus, i ndáiríre, oiread gearán agus is féidir a réiteach ar an teileafón. Chuige seo, má thionscnaíonn an tOmbudsman fiosruithe ar aon ghearán trí theagmháil ar an teileafóin le húdarás áitiúil, agus go gcinntear ina dhiaidh sin tabhairt faoi imfhiosrú Foirmeálta ar an ngearán, tosóidh an t-imfhiosrú sin le cumarsáid i scríbhinn leis an údarás áitiúil (féach alt 7) agus ní bheidh na comhráití teileafóin roimhe sin ina gcuid d’imfhiosrú an Ombudsman. Táthar ag súil go dtabharfaidh údaráis áitiúla comhoibriú iomlán in imhfhiosruithe dá leithéid sin agus go dtabharfaidh siad tacaíocht don aidhm go seachnófaí foirmeáltachtaí.
6. I gcás an réamhfhiosraithe is é an chéad duine lena ndéanfaidh Oifig an Ombudsman teagmháil ná an tOifigeach Caidrimh. Ba chóir dó, i gcás fiosraithe ar an teileafón, a chur in iúl cé acu rannóg den údarás áitiúil lena mbaineann sé. Más féidir é, ba chóir dó chomh maith ainm oifigigh áirithe ar cheart go mbeadh ar a chumas freagra a thabhairt ar an bhfiosrú a thabhairt d'Oifig an Ombudsman, i dtreo is gur féidir le hOifig an Ombudsman teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach atá i gceist agus iarracht a dhéanamh an cheist a réiteach. Ba chóir go gcinnteodh sé go ndéantar aon litir ó Oifig an Ombudsman a threorú go dtí an rannóg chuí. Ba chóir go mbeadh ról tábhachtach ag an Oifigeach Caidrimh maidir le réiteach aon deacrachtaí a éireodh.
7. Nuair a chinneann an tOmbudsman ar imfhiosrú foirmeálta a dhéanamh ar ghearán faoin Acht, scríobhfaidh Oifig an Ombudsman go dtí Bainisteoir an údaráis áitiúil ag iniamh achoimre scríofa ar an ngearán agus ag iarraidh tuairimí air. Ba chóir caitheamh le fiosruithe dá leithéid sin mar thosaíochtaí agus ba chóir freagra a eisiúint laistigh de 14 á ó fhaightear an fiosrú. Ba chóir an tOifigeach Caidrimh a choimeád ar an eolas maidir le nithe ag éirí as na fiosruithe uile agus ba chóir cóipeanna de na freagraí uile ón údarás áitiúil a chur chuige. Mura nglacann údarás áitiúil leis go bhfuil gearán curtha chucu go cóir (e.g. más dóigh leo nach ábhar don Ombudsman é nó más dóigh leo nach bhfuil an gearán cuí don údarás áitiúil), ba chóir don Bhainisteoir tuairim an údaráis áitiúil a chur in iúl don Ombudsman laistigh de 7 lá.
Soláthar Doiciméid Finnéithe etc.
8. Tig leis an Ombudsman, chun críche réamhscrúdaithe nó imfhiosraithe a éileamh go gcuirfí aon fhaisnéis nó doiciméad nó aon ní eile ábharthach dá scrúdú nó imfhiosrú a chur ar fáil dó. Nuair is cuí, is féidir leis an Ombudsman a éileamh ar aon duine ag a bhfuil, ina thuairim seisean, seilbh ar aon fhaisnéis, doiciméad nó ní eile dá leithéid teacht ina láthair chun críche é a thabhairt dó. Ní mór d'údaráis áitiúla géilleadh d’éilimh an Ombudsman maidir leis seo. Faoi réir ag comhaontú an Ombudsman agus fógra don duine atá i gceist, tig leis an Oifigeach Caidrimh a bheith i láthair ag aon agallamh idir an Ombudsman (nó a fhoireann) agus an duine atá i gceist.
Cásanna ina mbíonn Oifigigh nó Fostaithe indibhidiúla páirteach
9. I gcásanna áitrithe, is féidir gearán a bheith dírithe in aghaidh gnímh riaracháin ag oifigeach nó fostaí indibhidiúil nó is féidir go gcinnfeadh an tOmbudsman go raibh sé riachtanach, d’fhonn a scrúdú nó a imfhiosrú a chomhlíonadh, mionscrúdan a dhéanamh ar na gníomhartha a rinne oifigeach nó fostaí indibhidiúil. Ina leithéid sin cásanna, ba cheart an t-oifigeach nó an fostaí a bheadh i gceist a chur ar an eolas láithreach bonn go bhfuil a chuid gníomhartha faoi scrúdan agus ba chóir deis a thabhairt dó scrúdú, agus moltaí a dhéanamh ar leasuithe, ar aon dréachtfhreagra don Ombudsman maidir leis an ngné seo den scrúdú/imfhiosrúchán. Mura bhfuil an t-oifigeach nó an fostaí sásta go bhfuil a sheasamh léirithe go sásúil in aon fhreagra a chuirtear chuig an Ombudsman, tig leis a thagairtí féin a chur díreach chuig an Ombudsman. Ba chóir go dtabharfaí gach áis réasúnta le cabhrú leis aighneacht a ullmhú, ag áireamh rochtain ar chomhaid chuí, más gá, d’oifigeach nó d’fhostaí gur mian leis a leithéid d’aighneacht a chur isteach. Is iad na teorainneacha ama a bhainfidh le haighneachtaí pearsanta don Ombudsman ná 14 lá ó fhaightear an fiosrú ón Ombudsman.
Am Saor, Costais etc.
10. I gcás oifigeach nó fostaithe a chaitheann teacht faoi bhráid an Ombudsman mar a shonraítear in Alt 7 thuas, déantar talamh slán de go nglacfar leis mar chuid dá ndualgais oifigiúla.
