Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe
 

Tuarascálacha Imscrúdaithe

I gcás fhormhór na ngearán a chuirtear faoi bhráid an Ombudsman déileáiltear leo go neamhfhoirmiúil agus ní éilítear tuarascáil scríofa ina leith. I gcás líon beag gearán, mar thoradh ar chastacht na gceisteanna a bhfuiltear ag plé leo, nó toisc go bhfuil suntas níos leithne leis na ceisteanna ó thaobh an phobail de, déileáiltear leo go foirmiúil agus cuirtear tuarascáil ar fáil maidir leis an imscrúdú.

Áirítear sna tuarascálacha sin torthaí foirmiúla ag eascairt ón imscrúdú agus, ó am go chéile, moltaí ón Ombudsman maidir le cúiteamh don ghearánaí, chomh maith le moltaí chun feabhas a chur ar chleachtas. 

Tá na tuarascálacha is déanaí agus roinnt tuarascálacha níos sine ar fáil anseo. Tá tuarascálacha eile ó 1997 ar fáil sa chartlann.

DátaTuarascáil
Deireadh Fómhair 2012Too Old to be Equal? – Imscrúdú Leantach
Nollaig 2011Gearán i gcoinne Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus i gcoinne Oifigeach Achomhairc na Scéime Aisíoca Sláinte
Aibreán 2011Tuarascáil Iniúchta de chuid an Ombudsman: Too Old to be Equal?
Nollaig 2010Gearán maidir leis an gcúram a tugadh d’othar agus an chaoi ar caitheadh leis agus lena theaghlach
Samhain 2010An Cuma Faoi  Chúram? Imscrúdú ar an gCeart chun Cúraim i dTithe Altranais in Éirinn
Iúil 2010Tuarascáil Imscrúdaithe maidir le gearán a rinneadh i gcoinne Chomhairle Contae na Mí
Iúil 2010Glas Béil a Chur ar an Ombudsman? Iarmhairt ar Imscrúdú de Chuid an Ombudsman i leith Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Aibreán 2010Thuarascáil maidir le gearán i leith FSS ag gearradh agus ag bailiú táillí le haghaidh seirbhísí d’othair chónaitheacha.
Aibreán 2010Gearán ón Uasal B i gcoinne Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Nollaig 2009Scéim um Chailliúint ar Muir
Iúil 2009Muirir a ghearrann Údaráis Áitiúla as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála
Deireadh Fómhair 2008Na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola arna riar ag údaráis áitiúla
Meitheamh 2007Láimhseáil Gearáin - Comhairle Contae Chill Dara