Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost



BrowseAloud

BATalk

An tAcht Ombudsman, 1980 - Leasuithe agus Ionstraim Reachtúla

Tá leagan Gaeilge den Acht le fáil ar Suíomh idirlín an Oireachtais

Leasuithe ar an Acht agus Reachtaíocht Eile.


Acht An Ombudsman, 1980 (Lá Ceaptha) Ordú 1983

S.I. Uimh. 424 de 1983 Socraíodh an t-ordú seo ar an 7ú lá Iúil, 1983 mar an lá a thiocfadh Acht An Ombudsman, 1980 (Uimh. 26 de 1980) i bhfeidhm.


Ordú Tarmligean dár dáta 23 Bealtaine 1984

Faoin Ordú seo tharmlig An tAire um Sheirbhís Phoiblí, agus é ag úsáid na gcumhachtaí a bronnadh air faoi Alt 10 (4) d’Acht An Ombudsman, cumhachtaí ar an Ombudsman a fhéadfadh sí a úsáid faoi Acht Choimisinéirí na Seirbhíse Poiblí, 1956 agus Acht Rialacháin na Seirbhíse Poiblí 1956 agus 1958 mar an ‘t-údarás cuí’ maidir le hoifigigh agus seirbhísigh an Ombudsman.


Acht An Ombudsman (Leasú) 1984

Uimh. 19 de 1984 Rinne an tAcht seo leasú ar Alt 4 (10)(c) d’Acht An Ombudsman 1980. Faoin Alt seo den Acht dob fhéidir leasuithe a dhéanamh ar Sceidil an Achta a thug liosta de na comhlachtaí a bhí agus nach raibh faoi réir imscrúdaithe an Ombudsman. Tugadh feidhm do leasú na Sceideal seo trí Ordú Rialtais (1ú Sceideal) agus Ordú Aireachta (2ú Sceideal) a cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar feadh 21 lá suite. Bhí foráil san Acht leasaithe seo go dtiocfadh Ordú i bhfeidhm nuair a ghlacfadh dhá Theach an Oireachtais le rún á cheadú.


Acht An Ombudsman (An Chéad Sceideal) Ordú (Leasú) 1984

SI Uimh 332 de 1984 Thug an tOrdú seo síneadh ar chumhachtaí imscrúdaithe an Ombudsman go dtí Boird Sláinte, Údaráis Áitiúla, Bord Telecom Éireann agus An Post le héifeacht ó 1 Aibreán 1985. Cuireann an tOrdú cosc sonrách ar an Ombudsman ar scrúdú a dhéanamh ar ghearáin maidir le gníomhaíochtaí a déanadh "d’aon toisc i bhfeidhmiú breithiúnais chliniciúil a bhaineann le fáthmheas breoiteachta nó aire nó cóir othair". Cuireann an tOrdú cosc freisin ar an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar ghearáin maidir leis na hÚdaráis Áitiúla "agus feidhmeanna forchoimeádta á bhfeidhmiú laistigh de mhíniú na nAchtanna Bainistíochta Contae, 1940 go 1955, nó feidhmeanna forchoimeádta laistigh de mhíniú aon cheann de na hAchtanna a bhaineann le bainistíocht buirge contae."


Acht An Ombudsman 1980 (An Chéad Sceideal) Ordú (Leasú), 1985

SI Uimh 66 de 1985 Fágann an t-ordú seo Comhairle Úsáideoirí na Seirbhísí Poist, Comhairle Úsáideoirí na Seirbhíse Teileachumarsáide, an Binse Cíosa, An Bord Mianadóireachta agus Rúnaíocht an Choimisiúin um Leas Sóisialta ar na comhlachtaí nach bhfuil faoi réir imscrúdaithe ag an Ombudsman.


Acht An Ombudsman 1980 (An Dara Sceideal) Ordú (Leasú) 1985

SI Uimh 69 de 1985 Bhain an t-ordú seo na Boird Sláinte agus na hÚdaráis Áitiúla as an Dara Sceideal ar Acht An Ombudsman 1980 agus chuir na comhlachtaí seo a leanas sa Dara Sceideal .i. gan a bheith faoi réir imscrúdaithe an Ombudsman:-

  • Comhairle Sábháilteachta Uisce na hÉireann
  • An Príomh-Bhord Iascaigh
  • Comhairle na Seirbhísí Dóiteáin
  • An Gníomhaireacht um Airgeadas Tithíochta
  • Bord Scannán na hÉireann
  • Compántas an Cheolárais Náisiúnta
  • An Bord Iarchéime Míochaine agus Déidliachta
  • Gníomhaireacht Fostaíochta don Óige