Baile  /  Eolas Fúinn  /  Reachtaíocht
 

Reachtaíocht

Legislation imageLeagtar amach údarás dlíthiúil an Ombudsman chun gearáin a imscrúdú, agus cúiteamh a mholadh más gá, go príomha san Acht Ombudsman, 1980.

Leasaíodh an tAcht Ombudsman cúpla uair, go príomha leis an Acht Ombudsman (Leasú)1984 agus leis an Acht Ombudsman (Leasú) 2012.

Chomh maith leis sin, tá roinnt Achtanna agus Rialachán ,eile ann, lena n-áirítear an tAcht um Míchumas 2005, a dtéann a bhforálacha i bhfeidhm ar ról an Ombudsman.

Leasaíodh cúpla uair an liosta de chomhlachtaí poiblí ar féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar a ngníomhartha, go háirithe leis an Ordú fán Acht Ombudsman (An Chéad Sceideal)  (Leasú ) 1984 agus an Acht Ombudsman (Leasú) 2012.