- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Cén uair is cóir dom gearán a dhéanamh?
Sula ndéanann tú gearán linn, ní mór duit iarracht a dhéanamh réiteach a fháil ar an bhfadhb atá agat leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann. Más rud é go bhfuil próiseas achomhairc acu, bain úsáid as seo ar dtús. Mura réitíonn sé seo an fhadhb agus má bhraitheann tú nár chaith an comhlacht poiblí go cóir leat, ansin déan teagmháil linne.
Déan do ghearán chomh luath is is féidir é. Is cóir duit gearán a dhéanamh taobh istigh de 12 mí:
- den am ar thug an comhlacht poiblí breith nó ar ghlac siad gníomh, nó
- den dáta ar tugadh breith a bpróisis ghearán nó achomharc.
Nuair a bheidh gearán á dhéanamh agat, déan iarracht a oiread faisnéise is is féidir leat a thabhairt dúinn, lena n-áirítear cóipeanna de litreacha, nó de ríomhphoist agus d’uimhreacha tagartha ar bith.
