Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Cén chaoi a ndéileálfaidh Oifig an Ombudsman le mo ghearán?

Cinnteoimid ar dtús go bhfuilimid ábalta déileáil le do ghearán.   Ansin, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaimis ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann tuairisc a sheoladh chugainn.  Más rud é gur ghá dúinn sin a dhéanamh, d’fhéadfadh sé go ndéanfaimis imscrúdú ar a gcomhaid agus ar a dtaifid agus go gceisteoimis oifigigh.   D’fhéadfadh sé go dtógfadh sé roinnt ama an fhaisnéis a bheadh uainn a bhailiú. 

Beartóimid ansin cibé :

  • an bhfuil do ghearán bailí, agus
  • ar fhulaing tú mar thoradh ar ghníomh nó ar bhreith an chomhlachta phoiblí.

Má bheartaímid gur fhulaing tú, agus nár ghlac an comhlacht poiblí céimeanna chun é seo a chur ina cheart, d’fhéadfadh sé go molfaimis go ndéanfadh siad sin. D’fhéadfadh sé go n-iarrfaimis ar an gcomhlacht:

  • athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil déanta acu,
  • a mbreith a athrú agus/nó
  • eann díobh seo a leanas a thairiscint duit:

- míniú,

- leithscéal, agus/nó

- cúiteamh airgeadais.

I bhformhór na gcásanna, is ar bhealach neamhfhoirmiúil a dhéileálaimid leis an ngearán.  D’fhéadfaimis an fhadhb a phlé go díreach leis an gcomhlacht poiblí nó na comhaid ábhartha a imscrúdú. D’fhéadfadh sé go mbeadh orainn imscrúdú mionsonraithe a dhéanamh i gcás chásanna níos casta.