Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Cé is Ombudsman

Emily O'ReillyMs

Cheap Máire Bean Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann, Ms Emily O'Reilly ina tríú Ombudsman in Éirinn ar an 1ú Meitheamh 2003, ar ainmniúchán Tithe an Oireachtais (Dáil agus Seanad Éireann). Sular ceapadh í, bhí Ms O'Reilly ina hiriseoir agus ina húdar agus ba comhfhreagróir polaitiúil í ar mheáin éagsúla ó 1989 i leith.

Is í an tOmbudsman an dara Coimisinéir Faisnéise a ceapadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997. Sa ról seo, atá scortha óna ról mar Ombudsman, Soláthraíonn Ms O'Reilly athbhreithniú neamhspleách ar chinntí maidir le cearta rochtana baill den phobal ar thaifid i seilbh comhlachtaí poiblí.

Is ball í chomh maith den Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a bunaíodh faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus den Choimisiún um Dháilcheantair na Dála agus den Choimisiún um Reifreann agus den Choimisiún um Cheapacháin don Seirbhís Phoiblí.

As an Tulach Mhór, Co Uíbh Fhailí do Ms O'Reilly ó dhúchas agus tá sí pósta agus cúigear clainne uirthi. Cuireadh oideachas uirthi i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bronnadh Comhaltacht Nieman in Iriseoireacht uirthi ag Ollscoil Harvard, Cambridge, S.A.M.