Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Céard iad na gearáin a fhéadfaidh mé a dhéanamh leis an Ombudsman?

Féadfaidh tú gearán a dhéanamh linn faoi chomhlacht poiblí, más rud é: 

  • go mbíonn moill orthu ag soláthar seirbhísí,
  • go ndiúltaíonn siad tairbhe nó seirbhís a bhronnadh,
  • go dteipeann orthu seirbhís a gheall sé a sholáthar,
  • go dteipeann orthu nósanna imeachta a faomhadh a leanúint,
  • go gcruthaíonn siad deacrachtaí cumarsáide,
  • go dtugann siad breitheanna éagothroma, 
  • go dtugann siad comhairle mhíthreorach,
  • go mbíonn siad mímhúinte, nó
  • go dteipeann orthu earráidí a leigheas.

Faoin Acht Ombudsman imscrúdaímid na saincheisteanna go léir a bhaineann le ‘drochriarachán’, lena n-áirítear gníomh ar bith: 

  • a ghlactar gan údarás cuí,
  • a ghlactar ar fhorais neamhábhartha,
  • ar neamart nó neamh-aire ba chúis leis,
  • atá bunaithe ar fhaisnéis mhíchruinn nó neamhiomlán,
  • a dhéanann idirdhealú go míchuí,
  • atá bunaithe ar chleachtas riaracháin nach bhfuil inghlactha, nó
  • a bhíonn contrártha do riaradh cóir nó fónta.