- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Cásanna Samplacha
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Baile Átha Cliath Lár Laighin - Leaba Fhaoisimh Phoiblí
An Bhliain a Chríochnaíodh: 2007
Sonraí an Ghearáin
Fuair mé gearán ó mhac mná scoth-aosta a ghlacadh isteach in Ospidéal Ginearálta an Tulaigh Mhóir (cuid den Ghrúpa Ospidéal Bhaile Átha Cliath, Lár Tíre) tríd an Rannóg Éigeandála agus ionfhabhtú chliabhraigh ag gabháil dí. Bhí an bhean seo ina chonaí i Chontae Uígh Fhailí. Roimhe sin fuair sí stróc agus bhí Galar Parkinson uirthi. De ghnáth bhíodh sí faoi chúram an teaghlaigh sa bhaile. Mhol a Comhairleach Leighis go ndéanfadh tamall téarnaimh maitheas dí sula bhfillfeadh sí abhaile.
Nuair a loirg an teaghlach an mháthair a chur in Aonad Altranais Pobail Bhiorra i gcomhair téarnaimh coicíse, dhiúltaigh Coiste Iontrála agus Scaoilte na nOthar é sin dóibh (bainistíonn an Coiste seo isteach agus amach as an Aonad, agus tá freagracht orthu as measúnú a dhéanamh ar gach cliant a chuireann FSS chucu le haghaidh chúraim chónaithigh). Chuir an Coiste tuairimí na foirne ildhisciplíní in iúl mar aon le tuairimí an fhisiteiripeora agus an teiripeora shaothair agus mholadar go ndéanfaí an bhean a scaoileadh abhaile le tacaíocht ó Fhoirenn Athshlánaithe an Phobail.
Ní sásta a bhí an teaghlach leis an gcinneadh seo agus ghearánadar le mo Oifig gur chuireadh d’iallach orthu cúram téarnaimh a fháil dá máthair i dteach altranais príobháideach, in ainneoin go mba shealbhóir de chárta leighis í agus go raibh dhá leaba fhaoisimh poiblí ar fáil ag an am sin. Bhíodar buartha freisin toisc nach raibh aon bhealach achomhairc ann chun déileáil lena ngearán, agus bhraitheadar nach raibh guth ar bith acu maidir le cúram a sholáthar dá máthair.
De thoradh an scrúdaithe a rinne mé ar an ngearán seo, rinne mé teagmháil le FSS agus mhol mé dóibh smaoineamh ar:
- cur chuige ní ba sholúbtha a ghlacadh chucu féin maidir le dáileadh na leapacha faoisimh i mBiorra, ag brath ar an éileamh a bheadh ar na leapacha sin ag aon am áirithe agus na deacrachtaí chun cónaí a fháil i dtithe altranais príobháideacha ag othair a bheadh cúram téarnaimh de dhíth orthu tar éis dóibh a bheith scaoilte ón ospidéal ginearálta;
- an deis a thabhairt don chlann agus do ghaolta a bheith i láthair i rith measúnaithe ildhisciplíneacha na n-othar;
- an cuireadh a thabhairt d’iarratasóir ar chúram faoisimh nó athshlánaithe a n-iarratas a chur i scríbhinn os comhair Choiste um Iontráil agus Scaoileadh na nOthar lena bhreithniú, ionas gur féidir leis na príomhchúramóirí páirt fhoirmiúil a ghlacadh sa chóras measúnaithe idirdhisciplíneach;
- cinneadh an Choiste ar chur chuig an iarratasóir de rá béil nó i scríbhinn ag míniú na slí a thangthas ar an gcinneadh;
- bealach achomhairc a bhunú ionas gur bhfaighidh na hiarratasóirí a eitíodh an cinneadh a achomharc chuig duine éigin nach raibh gafa i bpróiseas na gcinntí a dhéanamh – chruthófaí córas ní ba sholúbtha ar an mbealach sin.
Ina bhfreagra, d’admhaigh FSS go raibh leapacha faoisimh poiblí ar fáil i mBiorra ag an am a chuaigh an bhean ag iarraidh téarnaimh, agus d’aontaíodar an costas a chuireadh uirthi, nach raibh clúdaithe ag an bhfóirdheontas tí altranais, i gcomhair cúraim altranais (€462) a aisíoc. D’aithníodar freisin a thábhachtaí agus a bhí sé duine den teaghlach a bheith i láthair le linn measúnú a bheith á dhéanamh ar othar aosta. Dúradar, cé nach mbeadh a leithéid sin indéanta ag an am a bheadh measúnaithe áirithe á ndéanamh, go rachfaí i gcomhairle go rialta ar an dteileafón nó go pearsanta le baill den teaghlach agus le gaolta. D’aithin FSS freisin an tairbhe a thiocfadh ó lucht an teaghlaigh a spreagadh chun na gcúiseanna taobh thiar den iarratas ar théarnamh a bhreacadh síos lena gcur os comhair an Choiste um Iontráil agus Scaoileadh na nOthar. D’aontaíodar freisin gur ceart go gcuirfí an cinneadh in iúl don teaghlach le hachoimriú a dhéanamh ar an mbonn a bheadh taobh thiar de. Ar dheireadh, d’aontaigh FSS go mba chóir struchtúr achomharc a bhunú a ligfeadh d’iarratasóirí, ar eitíodh dá n-iarratas, an t-iarratas sin a bheith scrúdaithe ag duine nach raibh páirteach i mbunphróiseas na gcinntí a dhéanamh.
