- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Cásanna Samplacha
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Deisceart - Fóirdheontas Tí Altranais
Bhliain a Chríochnaíodh: 2007
Sonraí an Ghearáin
Diúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Deisceart, Fóirdheontas Tí Altranais ar bhean in Iarthar Chorcaí, deich mbliana agus ceithre fichid d’aois, nach raibh de theacht isteach aici ach an Pinsean Sean-Aoise Neamh-Ranníocaíochta. Ba í an chúis a tugadh ar an bhfóirdheontas a dhiúltú, ná, nuair a bhí FSS ag measúnú ioncaim bharúlaigh na mná, chuireadar ioncam barúlach de 5% ar luach an phríomh-áitribh phríobháidaigh a bhí aici agus ar fheirm a bhí aistrithe aici chuig ainm a mic i gcaitheamh na gcúig bhliana roimhe sin.
Ag úsáid na foirmle seo tháinig FSS ar ioncam barúlach seachtainiúil de €293.63 agus thug sin an bhean, agus an Pinsean Sean-Aoise Neamh-Rannaíochta de €172.40 a bhí aici a chur san áireamh, os cionn teorainn an ioncaim le haghaidh Fóirdheontais Tí Altranais.
Maidir le seo, forálann Alt 13 den Dara Sceideal de na Rialacháin (Fóirdheontais) Altranais, 1993, gur féidir le bord sláinte ioncam bliantúil comhionann le 5 faoin gcéad den luach measúnaithe margaidh a líomhain ar phríomh-áitreabh an duine mura raibh sé áitithe díreach roimhe sin nó ag am an iarratais ag céile, ag mac nó ag iníon d’aois níos lú ná bliain agus fiche nó ag freastal ar oideachas lánaimsearth.
De bhreis ar seo, forálann Alt 19 den Dara Sceideal de na Rialacháin (Fóirdheontais) Tithe Altranais, 1993 dá mbeadh an t-iarratasóir tar éis úinéireacht feirme a aistriú i gcaitheamh na gcúig bhliana roimh an iarratais, go bhfaigheadh FSS aon íocaíochta a rinneadh le linn an aistrithe agus/nó aon ioncam leanúnach ó thuilleamh na feirme a chur san áireamh.
Ba léir go raibh an fheirm aistrithe ag an mbean timpeall trí bhliana roimhe sin. Ach, tar éis cuntais na feirme a iniúchadh thug mé faoi deara gur caillteanas a bhí á thaispeáint. Dá bhrí sin bhí mé den tuairim go raibh Alt 19 den Dara Sceideal ábhartha don chás. Thug sin an rogha d’FSS aon ioncam ón ngabháltas a chur san áireamh, agus ar an modh céanna, aon chaillteanas.
I ndáil le háitreabh príobháideach na mná, ghlac mé go bhforálann Rialacháin na dTithe Altranais gur féidir le FSS ioncam bliantúil a líomhain a bheadh bunaithe ar luach measúnaithe phríomh-áitribh an iarratasóra. Mar sin féin, bíodh is gur cinneadh lán-roghnach é seo, bhraith mé go raibh scóip áirithe ag FSS ag brath ar na himthosca a bhain le gach duine ar leith. Mar sin, bhí orm machnamh a dhéanamh lena mheas an raibh FSS ag úsáid na gcumhachtaí roghnacha a bhí acu ar mhodh réasúnta sa chás áirithe seo. Fuair mé amach freisin go raibh an gearánaí ar liosta feithimh FSS i gcomhair leapa poiblí. Ach, nuair a chuireadh an cheist orthu, ní rabhadar ábalta a rá cén uair a gheobhadh sí an leaba sin.
Dá bhrí sin, bíodh is nach raibh FSS ábalta cúram tí altranais a chur ar fáil don bhean, d’iarr mé orthu, nuair a bheidís ag scrúdú an teidil a bhí aici d’Fhóirdheontas Tí Altranais, smaoineamh freisin ar ghné na feirme a láimhseáil faoi réir Ailt 19 den Dara Sceideal de na Rialacháin agus smaoineamh freisin ar na cumhachtaí roghnacha a bhí acu faoi Alt 13 de na Rialacháin i ndáil le háitreabh príobháideach an iarratasóra.
D’athbhreithnigh FSS an cás láithreach, agus tar éis smaoineamh ar na moltaí a rinne mé, d’aontaíodar ar fhóirdheontas de €190.80 sa tseachtain a íoc i leith costais chúraim tí altranais phríobháidigh don ghearánaí. Chomh maith le sin d’íoc FSS thart faoi €5,000 léi chun na tréimhse a chlúdach ó rinne sí an chéad iarratas ar Fhóirdheontas Tí Altranais. Ar dheireadh thiar, d’aontaigh FSS an gearánaí a chur ar liosta feithimh le haghaidh fóirdheontais bhreisithe.
Bhí mé thar a bheith sásta gur fhreagair FSS chomh gasta sin agus ba mhaith liom an cur chuige ciallmhar sin a thréaslú leo mar is minic an bhíonn cás mar sin ina ábhar struis agus imní ag daoine aosta, leochaileacha sa phobal.
