- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Cásanna Samplacha
Comhairle Chontae Shligigh - Táillí Ceangail Uisce
An Bhliain a Chríochnaíoch: 2007
Sonraí an Ghearáin
Fuair mé gearán ó fhear a raibh iarratas déanta aige chuig Comhairle Chontae Shligigh i gcomhair ceangail uisce. Bhí an gearánaí ina chónaí i gContae Bhaile Átha Cliath ach bhí sé ina úinéir ar theach i gContae Shligigh. Bhí sé ag iarraidh an teach a cheangail leis an bpíobán poiblí. Mheas an Chomhairle muirear de €2,783 a leagan air, ag áireamh suimeanna chun an cheangail a maoirseacht, deisiú an bhóthair i ndiaidh an cheangail agus an t-árachas. Bhí "muirear forbartha" de €2,000 áirithe ann freisin. Thairg an gearánaí na muirir eile a íoc (€783 san iomlán) ach chuir sé i gcoinne an €2,000 de mhuirear forbartha a íoc. Dúirt an gearánaí leis an Oifig seo gur sean-teachín tuaithe a bhí ann a tógadh roimh 1963 (roimh na hAchtanna um Phleanáil agus Forbairt) agus nach raibh sé ceangailte leis an bpíobán poiblí. D’áitigh an gearánaí nach forbairt ar bith a bhí ar siúl agus nach raibh cur isteach ar bith déanta ar chead pleanála agus nach raibh a leithéid riachtanach. D’áitigh sé nach raibh ceart ar bith ar Comhairle Chontae Shligigh muirear forbartha a thobhach sa chás áirithe sin.
D’iarr an Oifig seo ar an gComhairle an bonn reachtúil a bhí leis an €2,000 de mhuirear a mhíniú agus tharraingíomar a n-aird ar alt 48 den Acht um Phleanáil agus Forbairt, 2000. Forálann an tAcht seo go dtig le húdarás pleanála, le linn dóibh pleanáil a cheadú, coinníollacha a chur isteach ag éileamh ranníocaíochta i leith bonneagair agus áiseanna poiblí. Ach, dhealraigh sé nach raibh cead pleanála ar bith iarrtha ná ní raibh a leithéid de dhíth agus ní raibh ceadú pleanála ar bith tugtha sa chás seo faoin Acht um Phleanáil agus Forbairt. Cé go ndearna an Chomhairle argóintí áirithe chuig an Oifig seo maidir leis an gceart a bhí acu an táille a ghearradh agus argóintí maidir le cothroime agus comhionannas na táille, dar liomsa, níor thugadar míniú substaintiúil ar aon bhonn reachtúil taobh thiar den táille. D’iarr mé ar an gComhairle féachaint arís ar an modh a láimhseáladh an cás.
Ina dhiaidh sin chuir an Chomhairle in iúl don ghearánaí go raibh mí-thuiscint acu ar sheasamh an dlí i ndáil le feidhmiú na dtobhach forbartha agus mar gheall ar sin go rabhadar ag iarraidh tobhach de €2000 a leagan ar an iarratas chun ceangail a dhéanamh le píobán uisce na Comhairle. Ach dheimhnigh an Chomhairle nach raibh, dáiríre, aon tobhach dá shórt in-íoctha sa chás áirithe. Shocraigh siad go ndéanfaí an ceangal a phróiseáil gan mhoill. Freisin ghabh an Chomhairle leithscéal leis an ngearánaí as an moill agus as an gciotaí agus mar gheall ar sin agus ar mhaithe le dea-thoil custaiméara bhíodar sásta glacadh le táille laghdaithe as na seirbhísí eile. Dheimhnigh na Comhairle leis an Oifig seo freisin go raibh éirithe acu as an dtáille seo a ghearradh i gcásanna eile. Bhí an gearánaí an-sásta leis an dtoradh.
