- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Cásanna Samplacha
An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh Liúntas - An Liúntas Cúramóra
An Bhliain a Chríochnaíoch: 2007
Sonraí an Ghearáin
Rinne bean ó Chontae Bhaile Átha Cliath teagmháil liom toisc gur dhiúltaigh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh Liúntas Cúramóra a thabhairt dí ar an mbonn go raibh an t-ioncam a bhí aici os cionn na teorann reachtúla. Cé go raibh cúram lánaimseartha á thabhairt aici do dhuine lán-cháilithe, bhí fostaíocht lánaimseartha ag a fear céile agus bhí an teacht isteach a bhí aige ón bhfostaíocht sin le cur san áireamh chun teidil na mná don Liúntas Cúramóra a ríomhadh. Loirg mé comhad an Liúntais Chúramóra ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus scrúdaigh mé measúnú oifigigh na gcinntí a dhéanamh. Bhí an bhreith tugtha ar bhonn bileoige pá an fhir chéile.
Thug mé faoi deara go raibh gach neamhaird ó thuilleamh a bhí ceadaithe faoi reachtaíocht an Leasa Shóisialaigh curtha san áireamh, ach thug mé faoi deara freisin go raibh rann-íocaí scéim phinsin sonracha á ndéanamh ag an bhfear céile. Ag éirí as buiséad na bliana 2006, agus le héifeacht ó Mhí Aibreáin 2006, bhí athruithe déanta i dtástáil acmhainne an Liúntais Chúramóra sa mhéid go raibh neamhaird le tabhairt, ag áireamh na hacmhainne, ar rann-íocaí chuig na Cuntais Coigiltis Phearsanta Scoir (CCPS). Ní raibh an comhad soiléir an raibh na rann-íocaí pinsin seo á ndéanamh faoi na CCPS nó nach raibh. D’iarr mé ar an Roinn an modh measta a bhí acu a athbhreithniú ar eagla gur faoi cheann de na CCPS a bhí na rann-íocaí á ndéanamh. As an athbhreithniú sin fuair an Roinn amach gurb amhlaidh a bhí an scéal agus d’fhéachadar athuair ar an dtástáil acmhainne dá réir sin. I ndeireadh na dála fuair an bhean Liúntas Cúramóra de €147 sa tseachtain le héifeacht ó Mhí na Márta 2007 agus riaráistí os cionn €6,100 aniar ó Mhí Aibreáin 2006.
