- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Cásanna Samplacha
Cás 4: Seastar le ceart tionónta i dteach chomhairle Dhún Dealgan teaghais a cheannach.
Rinneadh gearán liom gur dhiúltaigh Comhairle Baile Dhún Dealgan cead a thabhairt do thionónta an teaghais a bhí ar cíos aige a cheannach. Dhiúltaigh an chomhairle a dtoil a thabhairt don díol ar na forais gur ainmníodh an teach mar theaghais i gcomhair daoine breacaosta agus dá réir nár tháinig an teaghais faoi raon na scéime ceannaigh ag tionóntaí. Rinne an gearánach an argóint nár chinneadh cóir cinneadh na comhairle gan cead a thabhairt dó an teach a cheannach ar na forais gur teaghais i gcomhair daoine breacaosta an teaghais ó tharla nár áitigh duine breacaosta an teaghais riamh.
Chun soláthar teaghaisí a bheadh oiriúnach lena n-áitiú ag daoine breacaosta a chothabháil i stoc tithíochta údaráis áitiúil, baintear teaghaisí a dheartar i gcomhair daoine breacaosta agus a áitíonn daoine breacaosta as an áireamh ón scéim cheannaigh ag tionóntaí. Leagtar aicmí áirithe tithe a bheidh le baint as an áireamh ón scéim cheannaigh ag tionóntaí amach in Airteagal 13 de Rialacháin na dTithe (Díol Teaghaisí) 1995 lena n-áirítear teaghais a dearadh go sonrach lena háitiú ag duine breacaosta amháin nó níos mó agus go n-áitítear an teaghais amhlaidh ['specifically designed for occupation by one or more elderly persons and is so occupied"]. Macasamhail d’fhorálacha na Rialachán atá i scéim cheannaigh an tionóntaí Chomhairle Baile Dhún Dealgan.
Cé go nglactar leis gur ann do chúiseanna fónta ar mhaithe le leas an phobail le go gcoinníodh údaráis áitiúla soláthar teaghaisí a bheadh deartha chun freastal ar riachtanais daoine breacaosta, áiríodh an cheist sa chás seo cibé an bhféadfaí an teach a bhí i gceist a rangú mar theaghais daoine breacaosta. Ón tráth ar tógadh an teaghais bhí tionóntacht an tí seo i seilbh daoine nach bhféadfaí féachaint orthu mar dhaoine breacaosta agus bhí an dá scór sroichte ag an ngearánach. Ní dheachaigh an teach de réir na haicme tithe a bhféadfaí cur síos a dhéanamh orthu mar thithe a sholáthraítear do dhaoine breacaosta agus a áitíonn daoine breacaosta. Dá réir sin ní raibh cinneadh na comhairle an teach a bhaint as an áireamh ón scéim cheannaigh ag tionóntaí ar an mbonn gur teaghais i gcomhair daoine breacaosta an teaghais de réir scéim cheannaigh ag tionóntaí na comhairle féin ná de réir na reachtaíochta ábhartha.
Ba í an dara cúis a chuir an chomhairle chun cinn le gur dhiúltaigh siad an teach a dhíol nach rachadh díol an tí chun leasa dea-bhainistíocht eastáit. Cé go gceadaítear sa dlí do rogha na comhairle diúltú teach a dhíol i gcás go mbreithníonn siad nach rachadh díol an tí chun leasa dea-bhainistíocht eastáit, b’údar imní dom sa chás seo nach raibh a rogha á feidhmiú ag an gcomhairle go réasúnach.
Tugadh isteach an dlí ina dtugtar rogha don chomhairle diúltú teach a dhíol i gcás nach rachadh an díol chun leasa dea-bhainistíocht eastáit ar mhaithe le cúiseanna fónta ar leas an phobail. Mar sin féin, níor léirigh an chomhairle an chaoi san imthosca seo a mbeadh an díol contrártha do dhea-bhainistíocht eastáit. Níor sholáthair an chomhairle fianaise ar bith a léireodh an chaoi a dhaingneodh nó a chuirfeadh an cinneadh diúltú an teach a dhíol le leasanna a thionóntaí, ná a léireodh an chaoi a seachnófaí nó a gcuirfí cosc ar iompar frithshóisialta. Ní fhéadfaí an diúltú an mhaoin a dhíol ar fhorais dea-bhainistíocht eastáit a chosaint le cuspóir beartais na comhairle a bheith ag lorg soláthar de theaghaisí beaga a choinneáil ina stoc tithíochta. Cé gur beartas réasúnach an beartas a chinntiú gur ann do sholáthar cuí de thithe beaga i stoc tithíochta ar cíos, níl bunús fónta sa dlí leis an gcosc ar theaghais bheag ar bith a dhíol agus bíonn impleachtaí suntasacha aige ar thionóntaí teaghaisí den sórt. Níor cuireadh in iúl don ghearánach sa chás seo tráth ar leithdháladh an tionóntacht air, ná ag tráth ar bith sula ndearna sé a iarratas ceannaigh ag tionónta, nach raibh a theach incháilithe lena áireamh sa scéim cheannaigh ag tionóntaí agus bhí sé den tuiscint go raibh na cearta céanna aige is a bhí ag tionóntaí eile maidir lena theach a cheannach. Ina theannta sin arís, ós gur daoine single nó gur lánúineacha gan chlann na daoine a áitíonn teaghaisí den chineál seo go príomha, ardaíodh ceisteanna faoi cibé an raibh idirdhealú á dhéanamh ag beartas den sórt ar na tionóntaí sin ar forais stádas teaghlaigh.
Go hachomair, ar an mbonn nár dearadh an teach go sonrach i gcomhair daoine breacaosta agus nach daoine breacaosta a d’áitigh an teach agus ós nár taispeánadh go mbeadh díol an tí contrártha do dhea-bhainistíocht eastáit, bhí mé den dearcadh nach raibh cinneadh na comhairle diúltú an teach a dhíol leis an ngearánach de réir na reachtaíochta ábhartha ná de réir scéim cheannaigh ag tionóntaí na comhairle. Bhain mé de thátal as an gcás go ndearna cinneadh na comhairle dochar don ghearánach agus gur chinneadh idirdhealaitheach go míchuí cinneadh na comhairle agus go raibh an cinneadh contrártha do riaradh cóir agus fónta.
D’iarr mé dá bhrí sin ar an gcomhairle athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh. Chuir an chomhairle in iúl go raibh siad fós ag iarraidh an teach áirithe a choinneáil ina stoc tithíochta ós go raibh sé an-oiriúnach do dhaoine breacaosta ar iliomad cúiseanna. Tar éis pléití le m’Oifig agus leis an ngearánach, d’aontaigh an chomhairle an tionónta a aistriú go teaghais bheag mhalartach a n-aontófaí a dhíol faoin scéim cheannaigh ag tionóntaí. Bhí an gearánach sásta leis an toradh seo.
