Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Cásanna Samplacha

Cás 3: Freaschuirtear cinneadh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte diúltú íocaíocht riachtanas neamhghnách a dhéanamh le tuismitheoir aonair chun troscán a cheannach.

Ní raibh bean as Contae Chill Channaigh, ar tuismitheoir aonair í, sásta leis an mbealach ar chaith Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Limistéar an Deiscirt, (FSS) lena hiarratas ar chabhair chun teach a leithdháil a húdarás áitiúil uirthi a fheistiú.  Ós nach raibh teach an údaráis áitiúil feistithe, theastaigh ó mo ghearánach nithe bunúsacha teaghlaigh a sholáthar lena n-áirítear cóir leapa, cócaireán, trealamh eile cistine agus cathaoireacha agus bord.  Tráth a ndearna sí an t-iarratas ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ba €350.16 an t-ioncam seachtainiúil a bhí ag mo ghearánach chun aire a thabhairt di féin agus dá hiníon.  Ba as íocaíocht teaghlach aontuismitheora, an méid a thuill sí ó phost páirtaimseartha (8-12 uair in aghaidh na seachtaine) agus íocaíocht chothabhála de €80 sa tseachtain dá hiníon a tháinig an t-ioncam sin.

Dhéileáil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte lena hiarratas ar chabhair trí íocaíocht riachtanas neamhghnách a thabhairt a fheidhmítear faoin scéim liúntas leasa forlíontach.  Rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte íocaíocht €2,039 léi ach dúirt mo ghearánach nár leor an íocaíocht chun na riachtanais bhunúsacha teaghlaigh go léir a cheannach.  Rinne sí an gearán go háirithe nár leor an íocaíocht chun go mbeadh sí ábalta cócaireán, leaba dá hiníon a bhí naoi mbliana d’aois ná aonaid stórais a cheannach. Nuair a rinne sí achomharc i gcoinne an chinnidh chun oifigeach achomharc Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sheas Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte lena gcinneadh.

Faoin reachtaíocht maidir leis an Liúntas Leasa Forlíontach, féadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte íocaíocht aonair a dhéanamh le duine “chun freastal do riachtanas neamhghnách”.  Níor leathnaíodh sa reachtaíocht ar an mbealach ar chóir an fhoráil seo a fheidhmiú ach, sa ghnáthchleachtas, tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte den tuairim go n-íoctar Íocaíocht Riachtanas Neamhghnách chun cruatan a sheachaint trí fhreastal do riachtanas riachtanach aon-uaire neamhghnách.  Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte den tuairim chomh maith go bhfuil sé i gceist maidir leis na hÍocaíochtaí Riachtanas Neamhghnách freastal do riachtanais gan choinne agus/nó riachtanais speisialta nach bhféadfar freastal dóibh as bun-ioncam an iarrthóra.

Agus an gearán seo á bhreithniú, bhreathnaigh m’fhoireann ar an reachtaíocht a rialaíonn bronnadh Íocaíochtaí Riachtanas Neamhghnách chomh maith le treoirlínte inmheánacha Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le ríomh na méideanna a bheidh le híoc i gcás go mbronnfaí Íocaíocht Riachtanas Neamhghnách. I gcás go lorgófaí Íocaíocht Riachtanas Neamhghnách i gcomhair nithe bunúsacha teaghlaigh, áirítear “Ready Reckoner” sna treoirlínte ina moltar costais treorach i gcomhair earraí aonair teaghlaigh. Ríomhtar leibhéal na hÍocaíochta Riachtanas Neamhghnách tríd is tríd trí thagairt a dhéanamh do na treoirfhigiúirí seo. Thug m’fhoireann faoi deara go raibh an Íocaíocht Riachtanas Neamhghnách a bronnadh sa chás seo €641 níos ísle ná an méid a moladh nuair a bhí na figiúirí a tháinig ón “Ready Reckoner” i gcomhair nithe aonair curtha le chéile. Mhínigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an cheist seo ar an mbonn go n-áireofaí, dá mba rud é go mbeadh ioncam seachtainiúil iarrthóra níos mó ná an bunráta de Liúntas Leasa Forlíontach, an barrachas sin den ioncam iarbhír ar an ráta Liúntas Leasa Forlíontach i ríomh na híocaíochta iarbhír a bheidh le híoc.  Déantar é sin bunaithe ar an toimhde, i gcás leithdháileadh teach údaráis áitiúil, go mbeadh an t-iarrthóir ábalta an barrachas sin a shábháil sa tseachtain sula bhfaightear fógra go bhfuil teach le leithdháileadh.  Is é an bonn tuisceana a bhaineann leis seo go mbeadh an t-iarrthóir ag súil go mbeadh gá leis an teach a gealladh dóibh a fheistiú, agus a thúisce is a thabharfaí fógra dóibh faoin dáta leithdháilte, go gcuirfeadh siad méid comhionann leis an méid a bhfuil a n-ioncam iarbhír sa bhreis ar an mbunráta Liúntas Leasa Forlíontach i leataobh.

I gcás mo ghearánaigh, bhí a hioncam seachtainiúil €128.36 sa bhreis ar an ráta ábhartha Liúntas Leasa Forlíontach de €221.80 in aghaidh na seachtaine.  Ba léir ó chomhad Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an iarratas gur bunaíodh an asbhaint de €641 ó mhéid teoiriciúil na hÍocaíochta Riachtanas Neamhghnách ar thoimhde gur chóir go gcuirfeadh an t-iarrthóir an barrachas de €128.36 i leataobh in aghaidh na seachtaine ar feadh cúig seachtaine chun costas na nithe teaghlaigh a ghlanadh.  Níor léir an t-údar gur ghlac Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leis gur cúig seachtaine an tréimhse ama fheiliúnach in imthosca nuair nár thug an t-údarás áitiúil ach fógra coicíse dá tionóntacht don bhean.  Ina theannta sin arís, sa chás seo níor mhínigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don iarrthóir gur ríomh siad méid na hÍocaíochta Riachtanas Neamhghnách trí thagairt a dhéanamh do threoirlínte inar glacadh leis go raibh airgead á shábháil aici ar feadh cúig seachtaine ag ráta €128.36 in aghaidh na seachtaine.  Dá mbeadh a fhios aici, d’fhéadfadh sí a thabhairt le fios nár tugadh ach fógra coicíse di dá tionóntacht.

Phléigh m’fhoireann an cur chuige a ghlac siad sa chás seo le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus d’iarr m’fhoireann go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh a rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Ghlac Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leis nach raibh údar leis an gcinneadh €641 a asbhaint as méid teoiriciúil na hÍocaíochta Riachtanas Neamhghnách agus, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás chinn siad €500 breise a bhronnadh ar an iarrthóir.  Ina dhiaidh sin, chuir an bhean óg in iúl do m’Oifig gur úsáid sí an t-airgead breise seo chun cócaireán, feisteas beag, agus leaba shingil agus tocht dá hiníon a cheannach.

Thug m’fhoireann faoi deara agus iad ag déileáil leis an gcás seo nár tugadh an “Ready Reckoner” a bhí in úsáid ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun costas treorach earraí teaghlaigh a ríomh cothrom le dáta ó mhí Iúil 2003. Ó tharla na gluaiseachtaí a tharla san Innéacs Praghsanna do Thomhaltóirí sa tréimhse eatramhach, d’iarr m’Oifig ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cibé an ghá athbhreithniú a dhéanamh ar na méideanna a leagadh ar nithe sonracha sa “Ready Reckoner”. Is údar sásaimh dom, mar fhreagra ar an iarraidh, gur thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an “Ready Reckoner” cothrom le dáta le héifeacht ón 1 Aibreán 2009 chun na gluaiseachtaí a tharla san Innéacs Praghsanna do Thomhaltóirí sa tréimhse eatramhach agus chun an iomaíocht mhéadaithe i measc miondíoltóirí a thabhairt san áireamh. Ba mhéadú san fhigiúr treorach do nithe áirithe agus titim i gcás nithe eile a thoradh.

Back to contents