- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Cásanna Samplacha
Cás 2: Faigheann feirmeoir orgánach a baineadh den chlár faofa saothraithe €4,528 d’airgead faoin Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath ar ais ón Roinn – níor coinníodh taifid de bharr breoiteachta.
Rinne bean i gContae Laoise gearán liom i ndáil le pionóis a ghearr An Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia uirthi as téarmaí na Scéime um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath (REPS) a shárú. Bhain príomhghné na bpionós a gearradh leis an gcás gur chúlghairm Cumann Feirmeoirí agus Saothraithe Orgánacha na hÉireann (IOGFA) ceadúnas saothraithe orgánacha an ghearánaigh di. Ní fhéadfadh an gearánach Beart Forlíontach 6 de Phlean REPS a chomhlíonadh dá réir agus mar thoradh air sin d’fhorchúitigh an Roinn íocaíochtaí ar bith faoin mbeart áirithe sin. Ní mór do rannpháirtí a bheith cláraithe agus faofa mar oibreoir orgánach chun leas a bhaint as Beart Forlíontach 6 de REPS.
Mhaígh an gearánach nár coinníodh na taifid orgánacha cothrom le dáta de bharr breoiteachta agus gur tarraingíodh siar an ceadúnas dá bharr. Bhí deimhniú míochaine ag gabháil leis an mbreoiteacht lena mbaineann ach níor fheidhmigh an gearánach a ceart achomhairc dheiridh chun an IOGFA ná a ceart achomhairc i gcoinne pionós comhlíonta REPS chun na hOifige Achomharc Talmhaíochta sular chuir sí a gearán faoi bhráid m’Oifige.
Bhí mé den tuairim gurbh imthosca nach raibh neart ag an ngearánach orthu ba chúis leis an sárú agus dá réir gur chóir caitheamh go tuisceanach léi. D’aontaigh an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás tar éis idirghabhála uaimse agus, tar éis an fhianaise mhíochaine a soláthraíodh a bhreithniú, d’aontaigh siad na híocaíochtaí forchúitithe a aisíoc chomh maith le pionós comhlíonta 10% nach mbaineann le rannpháirtíocht i mBeart Forlíontach 6. € 4,528 an méid iomlán a aisíocadh leis an ngearánach a rinne gearán liom.
B’údar sásaimh dom gur ghlac an Roinn cur chuige solúbtha tuisceanach i leith an ghearáin.
