Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Cásanna Samplacha

Cás 1 : Íocann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte €8,543 i mbillí míochaine le hothar ailse ar ar cuireadh cóireáil thar lear - siardhátaíonn an Rionn breis is €7,000 i sochar breoiteachta.

Bean shingil agus an t-aon leanbh sa chlann a tháinig as Ballstát eile san AE ab ea í an gearánach sa chás seo. Bhí cónaí uirthi i gCathair Bhaile Átha Cliath agus d’oibrigh sí in Éirinn le cúpla bliain anuas. I mí na Nollag 2006, rinne sí coinne lena Dochtúir Ginearálta a chuir ar aghaidh chuig Ospidéal na hOllscoile, An Mater í i gcomhair x-ghathanna agus tástálacha fola.  Tar éis coinní agus tástálacha eile ina dhiaidh sin (thart ar 18 mí níos déanaí) fuarthas amach go raibh Liomfóma Hodgkin ag gabháil di. Labhair sí le dochtúirí in Ospidéal an Mater agus ina tír dhúchais agus mhol an lia comhairleach san ospidéal a bhí sí ag freastal air go gcuirfí cóireáil uirthi ina tír dhúchais ós nach raibh muintir ná cleithiúnaithe aici in Éirinn chun cabhrú léi lena clár cóireála. D’admhaigh na dochtúirí gur airigh siad, d’ainneoin go raibh an “chóireáil” ó thaobh ceimiteiripe agus radaiteiripe ar fáil in Éirinn, go mbeadh sí lag agus tinn tar éis na cóireála agus gur mhór an cúram a theastódh óna cairde agus óna muintir a thabhairt di sa bhaile.  Ní raibh siblíní ag an ngearánach agus níor labhair a tuismitheoirí, ar tuismitheoirí breacaosta iad, Béarla ar bith agus dá réir ní fhéadfadh siad teacht go hÉirinn chun aire a thabhairt di.

Tar éis filleadh ar a tír dhúchais chun cóireáil a fháil, dúirt na húdaráis leis an ngearánach gur ghá di foirm E-112 a líonadh in Éirinn (cuireann an fhoirm E-112 ar chumas duine cóireáil ospidéil a fháil in earnáil a bheadh maoinithe ag an stát i mBallstát eile san AE/sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach nó san Eilvéis).  Ní bhfuair sí faisnéis ar bith riamh faoi fhoirm E-112 sular fhág sí Éire chun tús a chur lena cóireáil.  Rinne sí iarratas ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ansin ar an bhfoirm E-112 ach diúltaíodh a hiarratas. Rinne sí achomharc chun Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ina dhiaidh sin ach diúltaíodh dá hiarratas an athuair. Rinne sí teagmháil le m’Oifig ansin chun cabhair a iarraidh uirthi i mí Iúil, 2008.

I dtús báire, luaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur diúltaíodh d’iarratas agus d’achomharc an ghearánaigh ós go bhféadfaí an chóireáil a raibh gá léi a sholáthar sa dlínse seo. Rinne siad an pointe chomh maith gur ghá di faoin scéim iarratas a dhéanamh ar an E-112 sular fhág sí an tír seo chun tús a chur leis an gcóireáil thar lear. Mar sin féin, d’airigh mé go raibh dhá phríomhargóint chun tacú lena cás. Ar an gcéad ásc, níor cuireadh faisnéis ar bith faoin E-112 ná faoin scéim cóireála thar lear ar fáil don ghearánach tráth a rabhthas ag plé na cóireála a chuirfí uirthi thar lear in Ospidéal an Mater.  Ar an dara dul síos, maidir leis an gcóireáil atá ar fáil in Éirinn, léirigh an chomhairle a chuir a lianna comhairleacha in Ospidéal an Mater ar an ngearánach gurbh fhearr dá mbainfeadh sí leas as an gcóireáil sa bhaile ina tír dhúchais, ina mbeadh tacaíocht ar fáil aici a fhad is a bheadh cóireáil á cur uirthi.   Tar éis dianchomhfhreagras idir m’Oifig, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Ospidéal na hOllscoile, An Mater agus An Roinn Sláinte agus Leanaí, dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leis an ngearánach gurbh iad a bhí freagrach as na speansais go léir a tabhaíodh a bhain lena cóireáil tráth a bhí sí ina tír dhúchais agus d’iarr siad na sonraisc ábhartha go léir uirthi. D’aontaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte €8,543 i mbillí míochaine a íoc ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, tar éis don Oifig teagmháil a dhéanamh leis An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, bronnadh breis is €7,000 san iomlán i sochar breoiteachta siardhátaithe ar an ngearánach.

Back to contents