- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Cásanna Samplacha
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath - Riarachán Lochtach Pleanála
An bhliain inar críochnaíodh: 2006
Ainm an Chomhlachta: Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Ábhar an Ghearáin: Riarachán Lochtach Pleanála
Mionsonraí faoin nGearán:
Áirítear i measc cheanglais an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000, nach féidir le tríú páirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne cinnidh pleanála ach amháin más rud é go bhfuil aighneacht nó agóid déanta aige nó aici i ndáil leis an bhforbairt. Ní mór aon achomharc den sórt sin a dhéanamh laistigh de cheithre sheachtaine ó dháta chinneadh an údaráis pleanála. Sa chás seo, thaisc an gearánach a gearán agus, dá dhroim sin, bhí sí i dteideal scéala a fháil laistigh de thrí lá oibre faoin gcinneadh ar an iarratas. Bhí sé ar intinn ag a comharsan chur lena theach, agus bhí faitíos ar an mbean go gcuirfeadh an méadú sin isteach ar a príomháideachais. Ach ní dhearna Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath amhlaidh agus, dá bharr sin, bhí an tréimhse chun achomharc a dhéanamh imithe in éag sular tháinig sí ar an eolas faoin gcinneadh. Nuair a rinne sí gearán leis an gComhairle tugadh leithscéal di ach níor tairgeadh aon chineál sásaimh di. Dá dhroim sin, mheas sí gur déileáladh go míchóir léi agus gur ceart di cúiteamh airgeadais a fháil mar gheall ar chailleadh a cirt reachtúil chun achomharc a dhéanamh.
Roimhe seo, tá ábhar buartha curtha in iúl agam go díreach don Chomhairle, agus tá sé luaite agam i dTuarascálacha Bliantúla roimhe seo, a mhéid a bhaineann le cásanna ina gceiltear ceart reachtúil ar dhuine trí earráid ar thaobh údaráis áitiúil. Measaim gur droch-riarachán é sin agus gur ceart go n-íocfaí cúitimh ina leith de ghnáth. Ba mhaith liom go ngníomhódh údaráis áitiúla i dtaca le sásamh a thairiscint seachas fanacht go spreagfadh m’Oifig iad chun déanamh amhlaidh tar éis gearán den chineál seo a fháil.
Tar éis domsa idirghabháil a dhéanamh, chinn an Chomhairle €1,000 a íoc mar chúiteamh agus rinne sí athbhreithniú ar a nósanna imeachta lena chinntiú nach n-éireoidh an fhadhb chéanna amach anseo.
