Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Cásanna Samplacha

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Réigiún an Oirthir, Limistéar an Chósta Thoir - Diúltú Fóirdheontas Tí Banaltrais a Dheonú

An bhliain inar críochnaíodh: 2006

Ainm an Chomhlachta: Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Réigiún an Oirthir, Limistéar an Chósta Thoir

Ábhar an Ghearáin: Diúltú Fóirdheontas Tí Banaltrais a Dheonú

Mionsonraí faoin nGearán:

Tháinig fear a bhí ina chonaí i limistear Bhaile Átha Cliath Theas, fear é a bhí ar scor, chuig m’Oifig maidir le teidil a mhná céile chun fóirdheontas tí banaltrais a fháil, is é sin le rá, fóirdheontas a dhiúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a thabhairt tar éis iarratas a fháil ina leith i Meitheamh 2003. Ba shealbhóir cárta liachta a bhean chéile agus rinneadh í a fháthmheas mar dhuine ar a raibh galar Alzheimer uirthi agus a raibh cúram uas-spleáchais ag teastáil ina leith. Rinneadh acmhainní iomlána na lánúine a mheasúnú de réir na Rialachán lena bhforáiltear gur féidir an leathchuid d’ioncam comhiomlán lánúine a chur i gcuntas tráth an iarratais. Cuireadh in iúl don fhear gur ceart dó iarratas a dhéanamh athuair nuair a bheadh leibhéal na gcomhchoigilteas tar éis titim go dtí leath a leibhéil an tráth sin. I Meitheamh 2005, rinne sé iarratas athuair ar fhóirdheontas tí banaltrais tar éis níos mó ná an leathchuid de na comhchoigiltis a chaitheamh, sa tréimhse idir an dá linn, ar chúram tí banaltrais dá bhean chéile, ach diúltaíodh dó arís. Arís eile, mhol Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don ghearánach go gcaithfeadh na comhchoigiltis titim de leath eile sula bhféadfadh a bhean chéile teacht chun bheith cáilithe i gcomhair an fhóirdheontais.

Nuair a rinne mé teagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ba chás liom nach raibh roinnt leanúnach chomhchoigiltis na lánúine de réir na reachtaíochta agus d’iarr mé go ndéanfaí athbhreithniú práinneach ar an iarratas. Cuireadh in iúl dom ina dhiaidh sin gurbh é tuairim an Bhainisteora Sláinte Áitiúil gur cheart go ndéanfaí coigiltis iomlána na lánúine, tráth an dara hiarratas, a ríomh sa tslí chéanna ina ndearnadh sin san iarratas bunaidh, agus gurbh é sin ba chúis le diúltú an dara hiarratas sa bhliain 2005.

Chuir mé i gcuimhne d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach amhlaidh, cé go ndéantar foráil leis an reachtaíocht maidir le measúnú an leathchuid de chomhchoigiltis i gcoinne iarratasóra atá pósta, go gceadaítear leanúint de na comhchoigiltis a roinnt faoi dhó i ndáil le hiarratais dá éis sin rud a d’fhágfadh, le fírinne, go mbeadh na rialacha á n-athrú gach uair a dhéanfaí iarratas nua. Mheas mé go raibh sé sin míchóir go hiomlán agus go raibh sé contrártha do riarachán cóir. Glacaim leis go bhfuil sé tábhachtach d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte polasaithe a bheith i bhfeidhm aici chun déileáil le cásanna léiriúcháin den sórt sin. Ach ní ceart go mbeadh na polasaithe sin chomh righin nó chomh dolúbtha sin go bhfuil siad ina gcúis le héagothroime nó le héagóir nó nach bhféadfaí, dá mbarr, imthosca ar leithligh a bhreithniú. Tá sé an-tábhachtach go ndéantar athbhreithnithe ar pholasaithe den sórt sin go rialta lena chinntiú go bhfuil siad á gcur chun feidhme go cothrom agus i gcomhréir le dea-chleachtas.

Bhí áthas orm gur aontaigh Feidhmeannacht an Seirbhíse Sláinte riaráistí €5,506 a dheonú do bhean chéile an ghearánaigh i leith an fhóirdheontais tí cónaithe le héifeacht ó dháta an dara hiarratas (Meitheamh 2005), agus go ndeachaigh siad níos faide ná sin trí leaba conartha a dheonú di sa teach banaltrais céanna le héifeacht ó mhí na Samhna 2006.

Back to contents