Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Cásanna Samplacha

Comhairle Cathrach Chorcaí - Córas Teasa Lochtach

An Bhliain dár Críoch: 2005

Mionsonraí an Ghearáin:

Fuair mé gearán ó bhean ar dháil Comhairle Cathrach Chorcaí teach uirthi i nDeireadh Fómhair 2004. Ní raibh ar a cumas maireachtáil san áitreamh toisc nach raibh an córas um théamh lárnach gás a bhí nuachurtha isteach ag obair i gceart agus bhí uirthi cur fúithi i gcóiríocht phríobháideach ar chíos go dtí gur deisíodh an córas téite.Ba é a gearán ná gur chóir go mbeadh cigireacht déanta ag an gComhairle ar an sealúchas le deimhin a bheith déanta de go raibh leorchóras téite ann sular dáileadh uirthi é. Ba dhóigh léi gur chóir go dtabharfaí cúiteamh di de bhrí gur chosain an chóiríocht phríobháideach ar chíos dhá oiread an chíosa a bheadh íoctha aici ar shealúchas na Comhairle.Nuair a thóg mé an cheist leis an gComhairle d’admhaigh siad go raibh fadhb leis an téamh agus go ndearnadh iarrachtaí ar é a réiteach. Mar sin féin, dhiúltaigh an Chomhairle glacadh le freagracht as an moill a chosc ar an ngearánaí dul in áitreamh an tí. Dúirt siad go ndearna siad síorthathaint ar an bpríomhchonraitheoir fochonraitheoirí éifeachtacha a fháil le fadhb an chórais téite a réiteach. Chuir an Chomhairle in iúl do m’Oifigse, i bhfianaise a tharla, nach nglacfaidís leis na heochracha don sealúchas dá mbeidís ar an eolas i dtaobh na bhfabhtanna.Dáiríre, cé gur ghlac an Chomhairle leis nach raibh an sealúchas oiriúnach le dáileadh ar thionónta i nDeireadh Fómhair 2004 bhí an milleán as an moill ar chóras téimh a bhí ag feidhmiú a sholáthar á chur acu ar a gconraitheoir tógála. Ba dhóigh liomsa, go raibh an Chomhairle freagrach ar deireadh thiar as deimhin a dhéanamh de go raibh an teach i ndea-chaoi sular dáileadh é, toisc gurbh iad fostóir an phríomhchonraitheora agus a chuid fo-chonraitheoirí iad. Níor réitíodh an fhadhb leis an gcóras téite go dtí Aibreán 2005 agus ba dhóigh liom go raibh cúiteamh ar bhealach éigin dlite don ghearánaí as an gcósta, imní, am agus trioblóid a cuireadh uirthi ag an moill i réiteach an tsealúchais le háitreamh agus nár cheart an dualgas a chur ar an ngearánaí dul ar thoir an Chonraitheora le cúiteamh a fháil.

Toradh:

D’iarr mé ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás agus machnamh a dhéanamh ar an gcúiteamh a bheadh cuí, ag cur san áireamh go raibh ar an ngearánaí íoc as malairt cóiríochta a bhí níos costasaí ar feadh tréimhse de thart ar shé mhí.Bhreathnaigh an Chomhairle an cás, agus d’aontaigh €1,000 a íoc leis an ngearánaí mar chúiteamh agus ghabh siad leithscéal léi chomh maith.

Back to contents