Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Is tusa an Ombudsman

Is tusa an tOmbudsman

Ceart go leor. Is tusa an tOmbudsman agus iarradh ort machnamh a dhéanamh ar na cásanna seo a leanas. Cén cinneadh a dhéanfá?

Tá a bhfuil i mo dhiaidh anseo bunaithe ar chás a ndearna an tOmbudsman imscrúdú air.

Déanta na fírinne, is deacair teacht ar áit loctha in aon bhaile in aon chor in Éirinn an Lae inniu. Is iad na húdaráis áitiúla na comhlachtaí atá freagrach as rialú páirceála agus tá "locadh diosca" tugtha isteach acu, mar a cheanglaíonn tiománaithe diosca de ghaothscáth a ngluaisteán rud a cheadaíonn dóibh páirceáil i limistéar sainithe ar feadh achar áirithe ama.

I limistéar amháin ina raibh locadh diosca tugtha isteach, bhí bean ar thuras ar an mbaile le freastal ar choinne dochtúra. Pháirceáil sí a carr i limistéar "diosca amháin" ach, toisc í a bheith ina strainséir ar an mbaile ní raibh a fhios aice cá raibh diosca páirceála le ceannach. Ní raibh aon chomharthaí ann ag insint cá raibh siad ar díol. Chuaigh sí go dtí oifig an údaráis áitiúil féachaint an bhféadfadh sí ceann a fháil ansin ach bhí na hoifigí dúnta don lón. D’fhág sí a carr sa spás páirceála gan diosca agus chuaigh le freastal ar a coinne dochtúra. Nuair a d’fhill sí ar a feithicil fuair sí amach go raibh ticéad páirceála eisithe di.

Dhein an bhean gearán leis an údarás áitiúil agus mhínigh cad a tharla ar an lá, ach dúirt siadsan go raibh sí páirceáilte go mídhleathach de bhrí nach raibh diosca páirceála ar taispeáint aici. Ghlac siad leis go raibh a n-oifigí dúnta ar feadh uair an chloig chun lóin gach lá agus nach raibh aon chomharthaí ann ag rá cá bhféadfaí dioscaí a cheannach ach dúirt siad go bhféadfaí teacht ar dhioscaí in roinnt áiteanna ar fud an bhaile.

Is tusa an tOmbudsman

Scríobhann an bhean chugat mar Ombudsman le breithniú a dhéanamh ar an gcás. Deir sí gur dóigh léi gur caitheadh go héagórach léi, de bhrí go ndearna sí iarrachtaí réasúnta ar ghéilleadh do na rialacha páirceála agus nár cheart go mbeadh sí freagrach i bhfíneáil ar chion páirceála.

An ndéanann tú

(a) Cinneadh go raibh sí páirceáilte go mídhleathach agus de bhrí nach raibh sí géilliúil do na rialacha go raibh fíneáil páirceála dlite?

Is ea, is fíor go raibh sí páirceáilte go mídhleathach agus go bhfuil fíneáil páirceála dlite ach bheadh an tOmbudsman ag iarraidh chomh maith go dtabharfadh an t-údarás áitiúil gach deis don tiománaí chun géilleadh do na rialacha. Nuair nár léirigh an t-údarás áitiúil cá bhféadfaí dioscaí páirceála a cheannach sháraigh sé an fhoráil seo.

(b) Cinneadh go raibh sí páirceáilte go mídhleathach agus de bhrí nach raibh sí géilliúil do na rialacha go raibh sí freagrach as an bhfíneáil ach gur cheart don údarás céimeanna a ghlacadh lena chur in iúl cá raibh dioscaí páirceála ar díol sa cheantar?

Céim sa treo ceart is ea é seo agus feabhsóidh sé an scéal feasta ach ní bheidh aon éifeacht aige ar stáid an duine a dhein an gearán

(c) Cinneadh gur cheart don údarás áitiúil an fhíneáil a chur ar ceal de bhrí go raibh an dualgas air féin an t-eolas riachtanach a chur ar fáil don phobal, go háirithe dóibh sin nach raibh cur amach acu ar an gceantar, le dioscaí páirceála a cheannach agus gur chóir don údarás áitiúil céimeanna a ghlacadh lena fhoilsiú cá háit is féidir dioscaí páirceála a cheannach?

Is ea, is cinneadh é seo atá réasúnta agus cothrom. Sa chás ar a bhfuil an sampla seo bunaithe bhí an t-údarás áitiúil sásta an fhíneáil a aisíoc leis an ngearánaí agus dúirt go mbeadh fógraí á gcur suas aige ag insint cá háit a bhféadfaí dioscaí páirceála a cheannach.