Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Fáilte

Dia duit

Tá an-fháilte romhat go dtí an rannóg seo de shuíomh greásáin an Ombudsman agus go raibh maith agat as ucht an t-am a thógáil le cuairt a thabhairt uirthi.

Ba é an dlí a chuir Oifig an Ombudsman ar bun in Éirinn ná Acht an Ombudsman, 1980. Faoin dlí seo ceapann an tUachtarán an tOmbudsman ar mholadh na Dála agus an tSeanaid.

Ba é Michael Mills, arbh iriseoir cáiliúil é, céad Ombudsman na hÉireann agus thosaigh seisean sa phost i 1984. Thug sé seirbhís go dtí 1994 nuair a ceapadh Kevin Murphy ina Ombudsman. Sula a raibh sé ina Ombudsman ba státseirbhíseach Sinsearach é Kevin Murphy. Ar leanúint Kevin Murphy tá an tOmbudsman atá ann faoi láthair, Emily O'Reilly a thosaigh sa phost i Meitheamh 2003. Tarlaíonn sé go raibh an-cháil uirthi sin chomh maith mar iriseoir.

Déanann Oifig an Ombudsman imfhiosrú ar ghearáin faoi ghníomhaíochtaí Ranna Rialtais, Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte, údaráis áitiúla agus An Post. Faoi dheireadh 2004 bhí déileáil déanta ag an Oifig le timpeall 62,000 gearán bailí. Ina theannta sin, déanann an Oifig déileáil le suas le 10,000 ceist ón bpobal gach bliain.

Cén fáth, mar sin, Ombudsman a bheith ann agus cad é go díreach a dhéanann an tOmbudsman? Nuair a fhéachaimid ar an mbealach ina mairimid inniu tá sé an-soiléir go bhfuil baint mhór ag an Stát lenár saol. Ón lá a saolaítear sinn, tá ar an Stát, de réir dlí, seirbhísí a sholáthar dúinn agus leanann an oibleagáid sin ar feadh ár saol. Ar na seirbhísí seo tá seirbhísí sláinte agus leasa sóisialta, tithíocht, oideachas, cáin agus an oiread eile réimsí gur beag lá a théann thart nach dtagaimid trasna ar obair an stáit i bhfoirm amháin nó i bhfoirm eile.

Is duine neamhpleách í an tOmbudsman a dhéanann cinneadh, tar éis di mionbhreithniú a dhéanamh ar ghearán, maidir lena bhailócht, agus má tá sé bailí tugann sí moltaí don chomhlacht poiblí d’fhonn an fhadhb a réiteach. Tá sé an-úsáideach eolas a bheith agat faoin Ombudsman nuair a theastaíonn uait go gceartófaí dearmaid a rinne comhlachtaí poiblí in Éirinn. Má tá gearán déanta agat leis an gcomhlacht poiblí agus nár réitigh siad an scéal ansin b’fhéidir gur féidir leis an Ombudsman cabhrú leat.

Ach cad as a thagann an téarma 'Ombudsman'? Is focal Sualannaise é 'Ombudsman' agus ciallaíonn sé ionadaí nó gníomhaire na ndaoine. Úsaidtear an focal ag tagairt d’fhir agus do mhná. Bhí an chéad ombudsman sa tSualainn in 1809. Inniu tá os cionn 120 Oifig Ombudsman ar fud an domhain.

Tá roinnt eile ombudsmain in Éirinn, agus féachann siad ar chineálacha éagsúla gearán. Mar a dúradh roimhe seo, tá an tOmbudsman neamhspleách, neamhchlaonta agus soláthraíonn sé/sí seirbhís saor in aisce.

Den chuid is mó den am déanann comhlachtaí poiblí déileáil linn ar bhealach sásúil agus éifeachtach. Mar sin féin, ó ham go chéile teipeann ar an gcóras agus b’fhéidir go dteastódh cabhair an Ombudsman ó dhuine chun an scéal a chur ina cheart.

Nuair a dhéanann an tOmbudsman imfhiosrú ar ghearán is féidir léi breith a thabhairt ar son an duine a rinne gearán nó cinneadh a dhéanamh go bhfuil an ceart ag an gcomhlacht phoiblí ar déanadh gearán faoi. Má thugann an tOmbudsman breith ar son an duine a rinne gearán, is féidir léi cabhrú chun teacht chun réitigh ar a bhfuil mícheart. Is féidir léi, mar shampla, leithscéal a lorg, nó a iarraidh go n-íocfaí deontas nó leas éigean eile a diúltaíodh. Má léann tú ár gCásanna Samplacha feicfidh tú a lán samplaí den chineál gearán a ndéanann an tOmbudsman déileáil leo agus conas a chabhraigh an tOmbudsman le daoine san am atá caite.