Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Aistí Molta

Aistí Molta

Anois go bhfuil eolas agat faoin Ombudsman agus cad a dheánann sí nach ndéanfá iarracht aiste a scríobh ar cheann de na hábhair molta seo a leanas.

1. Cén fáth gur maith an smaoineamh é Ombudsman a bheith ann?

2. Déan cur síos ar roinnt cásanna ar dhéileáil an tOmbudsman leo a thaitníonn leat. Cén fáth ar chuir tú suim iontu?

3. Samhlaigh gur tuismitheoir triúr leanbh óg tú. Tá tú féin agus do chéile dífhostaithe agus tá cónaí oraibh i dteach ar cíos ón gComhairle Áitiúil. Chuir tú iarratas go dtí Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag lorg cárta leighis agus fuair tú litir ag diúltú don iarratas. Ní féidir leat a thuiscint cén fáth ar diúltaíodh duit mar tá cárta leighis ag do chomharsa béal dorais agus tá a dtoscaí sin an-chosúil le do thoscaí féin. Mhínigh tú é sin don FSS agus tá litir eile díreach faighte agat a deireann nach bhfuil tú i dteideal chárta leighis agus, de réir a dtaifead, nach bhfuil cárta leighis ag do chomharsa ach oiread.

Ag úsáid an eolais a thugtar ar an suíomh greásáin seo, scríobh litir ghearáin go dtí an Ombudsman ag déanamh cur síos ar ar tharla agus ag cur in iúl cén fáth a gceapann tú go bhfuil tú féin agus do theaghlach i dteideal chárta leighis. Déan iarracht a shamhlú cén t-eolas a bheadh ag teastáil ón Ombudsman agus cuir an oiread sonraí agus is féidir é i do litir.